Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán Anois sna nóchaidí agus ar an irisleabhar Comhar ó 1988 go dtí 1995.[3] Bhí ról lárnach aige san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse as ar eascair Teilifís na Gaeilge.[6]
Bhí cónaí air sa Chatalóin ó na 1990idí ar aghaidh. Ba mhinic é ina thráchtaire agus ina thuairisceoir ar chúrsaí na Spáinne agus na Catalóine ar na meáin Ghaeilge, idir clóite agus craolta.[3]
Bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne air.
Bhásaigh Tomás Mac Síomóin in Valencia ar 17 Feabhra 2022.
Leis an bhfilíocht a chuaigh sé i dtosach agus foilsíodh ceithre chnuasach filíochta leis sular thug sé faoin bprós, Scian (1991), Cré agus Cláirseach (1983), Codarsnaí (1981) agus Damhna agus Dánta eile (1974).[6] Bhain sé duais ar ghearrscéalaíocht ag Oireachtas na bliana 1974 - an chéad uair, b'fhéidir, a bhuaigh dán duais mar ghearrscéal.[8]
I measc na n-úrscéalta a chum sé bhí An bhfuil Stacey ag iompar? (2011), Ag Altóir an Diabhail (2003), Ceallaigh (2009), a scríobhadh i gCúba, agus An Tionscadal (2007),[9] a bhuaigh príomhdhuais liteartha an Oireachtais.
Bhuaigh sé duaiseanna liteartha an Oireachtais faoi dhó. Bhuaigh a chnuasach Cín Lae Seangáin agus Scéalta Eile príomhdhuais an Oireachtais don ghearrscéalaíocht. Bhain úrscéal dá chuid, An Tionscadal, príomhdhuais liteartha an Oireachtais2006.
Cúrsaí sóisialta
Bhreac sé a smaointe i leith cúrsaí sóisialta agus cultúrtha i gcúig leabhrán a foilsíodh idir 2004 agus 2006. Rinne sé cuid de na téamaí ab ansa leis a chíoradh sna leabhráin sin, stádas paradacsúil na Gaeilge, dán na teanga, an poblachtánachas agus duáilcí an nualiobrálachais.[6]
Phléigh sé lorg an choilíneachais ar mhuintir na hÉireann agus ceisteanna cultúrtha, féiniúlachta agus cumhachta i saothair neamhfhicsin eile amhail The Broken Harp: Identity and Language in Modern Ireland (2014) agus The Gael becomes Irish: An Unfinished Odyssey (2020).
I gcruth véarsaí, mar chluiche príobháideach, a léiríodh Tomás Mac Síomóin a choimhlintí pearsanta i gcónaí. Sna Stáit Aontaithe ba chrua an choimhlint agus is ansin, idir 1965 agus 1969, a cumadh an chuid is mó de na dánta seo. Eisceacht é an dán fada 'Damhna." I gCorcaigh agus i mBaile an Sceilg, 1969-70, a cumadh é seo. Scagadh atá ann ar an ngníomh fileata. Bíonn iarracht den fhéinghlanadh ag baint le cleachtadh na filíochta, a deir an t-údar. Ais é chun cuid de thaibhsí na hóige a dhíbirt.[10]
Gearrscéalta
Cín Lae Seangáin agus Scéalta eile (Coiscéim, 2005)
Úrscéalta
In inmhe (Coiscéim, 2004)
Ag altóir an diabhail: striptease spioradálta Bheartla B (Coiscéim, 2003)
An Tionscadal (Duais-úrscéal Oireachtas na Gaeilge 2006)[11][12]
Paimfléid
Ó Mhársa go Magla: straitéis nua don Ghaeilge (Coiscéim, 2006)
Ceachtanna ón gCatalóin: teanga i ngleic le nualiobrálachas (Coiscéim, 2005)
Tuairisc ón bPluais: poblachtánachas agus litríocht in aois na scáth (Coiscéim, 2004)
Aistí
Macallaí na Cásca, 1916: Leath-réabhlóid Paradacsa ait na Gaeilge (Coiscéim, 2006)
Ceachtanna ón gCatalóin ː Teanga i nGleic le Nualiobrálachas', Feasta - Meitheamh 2006
Aistriúcháin
Na cathracha caillte (Coiscéim, 2004), aistriúcháin ar dánta Spáinnise Ernesto Cardenal
Selected poems /Tacar dánta (Goldsmith Press, 1984), cnuasach dhátheangach de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin roghnaithe agus aistrithe go Béarla i gcomhar le Douglas Sealy (chuir Tomás Mac Síomóin agus Sealy Béarla ar dhánta Mháirtín Uí Dhireáin).
Mo Chroí san Afraic (An Gúm, 2002), aistriúcháin El meu cor es diu Africa, (Victor Mora), in éineacht le Carl Mac Gabhann
Aistríodh saothair le Mac Síomóin féin go teangacha éagsúla, ina measc na Béarla, an Spáinnis agus an Chatalóinis.
Saothair i dteangacha eile
Dánta i An Crann Faoi Bhláth-The Flowering Tree (Eag: Declan Kiberd agus Gabriel Fitzmaurice), Wolfhound, B.Á.C. 1991.
Das zweimaleins des Steins-Poesie aus Irland. Die horen. Bremerhaven. 1998 (filíocht)
Einsamkeit in Erkundungen-30 irische Erzähler. Verlag Volk und Welt. Berlin. 1979. (gearrscéal)
Naisc Sheachtracha
Tomás Mac Síomóin (1938-2022) Socialist Voice. [1]
↑Sliocht as an saothar a ghnóthaigh duais Oireachtas na Gaeilge don úrscéal 2006. (2007-09-27). "Cartlann Comhar: Tomás Mac Síomóin". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2022-02-18.