Ba náisiúnaí cultúrtha é, agus chuir sé an teangaGhaeilge chun cinn. Eisean a dúirt "a people without a language is only half a nation".
Saol
Rugadh é i Mala i gcontae Chorcaí. Bhí a athair, Breatnach, ina mháinlia san Artléire Ríoga. Éireannach as Corcaigh ba ea a mháthair ó dhúchas. Trína mháthair, shíolraigh sé ó theaghlach Gaelach (Ó Súileabháin Bhéara).
Mí ina dhiaidh a bhreith, fuair a athair bás agus ansin, bhog a mháthair go Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1830, bhog an bheirt acu go 67 Sráid Baggot Íochtarach sular thosaigh sé ag staidéar i Coláiste na Tríonóide.[1] Is san áit sin, i 1836, ar bhain sé céim amach sna healaíona. Glaodh chun an bharra sa bhliain 1838.
Tá meánscoil ina bhaile dúchais (Mala), Cólaiste Dáibhis (Davis College)[9] ainmnithe ina onóir. Chomh maith le sin, tá go leor clubanna Cumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre, ainmnithe ina onóir, ceann amháin, i mBaile Átha Cliath[10] agus ceann eile i gcontae Ard Mhaca[11], san áireamh.
Tá 'Fort Davis' i gCuan Corcaí ainmnithe ina onóir. Tá Shráid Thomáis Dáibhis i gCorcaigh ainmnithe ina onóir.[12]