Reáchtáladh Toghcháin Áitiúla na hÉireann, 1920 ar 15 Eanáir agus 12 Meitheamh 1920 (údaráis uirbeacha i mí Eanáir agus na húdaráis eile i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh). Ba iad an chéad cheann inar úsáideadh vótáil ionadaíochta cionmhaire. Tar éis na dtoghchán dhearbhaigh go leor údarás áitiúil a ndílseacht do Dáil Éireann, a raibh iarmhairtí móra aige don chóras rialtais áitiúil in Éirinn.[1]
Cogadh na Saoirse
Ghearrfaí pionós ar údaráis áitiúla as a dtacaíocht le Dáil Éireann agus bheidís ag streachailt le deontais agus tacaíocht airgeadais a chailleadh ó Bhord Rialtais Áitiúil na Breataine. Rinne a lán comhairlí iarracht rátaí a bhailiú agus iad ag cur in aghaidh ruathar ó Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus ó Arm na Breataine.
Ionadaíocht chionmhar
Athrú tábhachtach ab ea tabhairt isteach na hionadaíochta cionmhaire don chéad uair ar fud fad na hÉireann. Bhí sé le bheith mar bhunchloch do chóras polaitiúil na hÉireann. Féadtar breithniú ar an toghchán cathrach i gCorparáid Shligigh ar 15 Eanáir 1919,[2] áit ar úsáideadh é ar dtús báire, mar cheann de na toghcháin áitiúla is tábhachtaí i stair na hÉireann agus ba thoghchán fíor-ionadaíoch agus daonlathach a bhí ann den chéad uair.
Féach freisin
Tagairtí