Saighdiúir Éireannach den 17ú haois ab ea Thomas Preston, 1ú Bíocunta na Teamhrach (1585 - Deireadh Fómhair 1655).
Tar éis seirbhís fhada mar amhas in Arm na Spáinne, d’fhill Preston ar Éirinn nuair a bhris Éirí Amach 1641 amach.
Ceapadh é chun bheith i gceannas ar Arm Laighean de Chomhdháil na nÉireannach, agus d’éirigh go maith leis, chomh maith le roinnt treascairtí troma ar nós Chath Chnoc Dhongan i 1647, inar scriosadh a arm beagnach go léir. Cosúil le ceannairí Comhdhála eile, ba Ríogaí Caitliceach é Preston.
D’fhan sé i ndlúth-theagmháil leis an Tiarna Leifteanant Séamus de Buitléir , 1ú Diúc Urumhan, agus thacaigh sé go láidir le comhghuaillíocht idir lucht na Comhdhála agus na Ríogaí i gcoinne na maolcheann.
Tagairtí