Is é The Simpsons an tsraith bheoiteMheiriceánach is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn in Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig1989 ar ghréasánFox. Ó shin, tá breis agus 654 eipeasóid craolta. Tá an tsraith an-cáiliúil ar fud an domhain agus glacann a lán daoine cáiliúla páirt mar aoi-réaltaí.
Meastar gurb é The Simpsons ceann de na sraitheanna is mó éilimh i stair na teilifíse. Tá clú ar an stíl ait ealaíne atá ann: bíonn craiceann buí agus súile móra ar na carachtair, agus ceithre mhéar ar a lámha.
Ceist léamhthuisceana as scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh, (Bonnleibhéal, 2000): Tá The Simpsons an-tábhachtach sa phopchultúr ar fud an domhain, go háirithe i measc an aosa óig.
Chruthaigh Matt Groening an clár sa bhliain 1987 nuair a iarradh air sraith chartún gearr a scríobh do The Tracy Ullman Show a chraolfaí ag tús agus deireadh na sosanna fógraí. Bhunaigh Groening na carachtair ar a mhuintir féin. Craoladh an chéad chartún ar 19 Aibreán 1987. Rinneadh 48 gceann de na cartúin seo san iomlán.
Sa bhliain 1989, lorg Fox séasúr de thrí heipeasóid déag, leathuair an chloig an ceann. Craoladh an chéad eipeasóid, Simpsons Roasting on an Open Fire, ar 17 Nollaig 1989. Bhí móreileamh air láithreach bonn. B'aoir é ar shaol an lae inniu sna Stáit Aontaithe, agus é mar fhritéis don sitcom teaghlaigh tipiciúil Meiriceánach.