Sa tacsanomaíocht, aicmítear orgánaigh de réir a gcosúlachtaí. Is í an Ríocht (nó Regnum) an rang tacsanomaíochta is airde (de réir staire), nó (sa Chóras Trí-fhearainn) an rang faoi bhun Fhearainn.
Rinne Carolus Linnaeus (1707-1778), an luibheolaíSualannach, a chum aicmiú na n-orgánach, idirdhealú idir dhá ríocht d'orgánaigh beo mar shampla, Animalia le ríocht na n-ainmhithe, agus Vegetabilia do ríocht na bplandaí. Roinn Linnaeus gach ríocht i ranganna, níos déanaí i bhFílim nó phyla i gcóir ainmhithe agus rannóga na bplándaí.
De réir a chéile, dealraíodh cé chomh tábhachtach is atá an t-idirdhealú prokaryote/eukaryote, agus chuir Stanier agus van Niel moltaí Edouard Chatton, chun cinn ins na seascaidí.
Cúig Ríocht
D'aithin Robert Whittaker na Fungi (Fungais sa Ghaeilge) mar ríocht sa bhreis. Mar gheall ar sin, mhol sé, sa bhliain 1968, an córas cúig ríocht.
Bhí tóir ar an córas nua seo, ach go háirithe san Eoraip agus le mionleasú tá sé fós i réim i measc an lucht léinn, nó tá sé in úsáid mar bhunús le haghaidh na gcóras ilríocht.
Tá sé bunaithe go formhór, ar na difríochtaí cothaithe: bhí a Phlantae, den chuid is mó, ina uatrófaigh ilcheallacha, a Animalia ina heitreatrófaigh ilcheallacha, agus a Fhungi ina sapratrófaigh ilcheallacha. Na ríochtaí a bhí fágtha, Protista agus Monera, ba coilíneachtaí aoncheallacha agus coilíneachtaí simplícheallacha iad.
Sé Ríocht
Timpeall na bliana 1980 chuireadh béim ar an fhíligineacht agus ar na ríochtaí a athsainmhíniú mar ghrúpaí monaifíléiteacha, comhdhéanta de orgánaigh neasghaolmhara.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!