Iriseoir ab ea Robert Fisk (a rugadh ar 12 Iúil1946 i Maidstone, Kent - 30 Deireadh Fómhair2020).[1] Bhí cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuir a bheatha i mbaol in áiteanna a raibh coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin.[2][3][4]
Saol
Tháinig Robert Fisk ar an saol i 1946 i Maidstone, Kent. Bhí an teaghlach go maith as – ba Chisteoir Buirge é an t-athair sa bhaile agus chaith sé an cineál óige a léifeá faoi i leabhair Bhéarla na haoise seo caite. Mar shampla, bhí dúil mhór aige i dtraenacha gaile, agus léadh sé Biggles agus Dan Dare.
Nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois, cuireadh chuig scoil chónaithe é.
Rinne Fisk céim – an Léann Clasaiceach agus an Teangeolaíocht - in Ollscoil Lancaster.
Scríobh Fisk leabhar dar teideal In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality, 1939-1945 fán Éigeandáil ó dheas le linn an dara Cogadh Domhanda. Mar sin, bhí seantaithí aige ar Éirinn ón seal sin sa choláiste agus, ar ndóigh, bhí sé ina thuairisceoir don Times sna Sé Chontae ó 1972-1975.
Bhí an clú ar Fisk go gcuir sé tuairiscí níos fearr ar fáil mar go raibh sé féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte. Bhí Araibis ar a thoil aige agus mheas sé féin nach dtuigeann iriseoirí cad é mar a mhothaíonn gnáth-Arabaigh siocair nach mbíonn siad ag caint leo ar na sráideanna.