Cairtghrafaí suntasach le linn Eilís I ba ea Richard Bartlett (fl. 1600). Ba Shasanach é agus rinne sé cuid de na seanléarscáileanna agus na líníochtaí is fearr a d’eascair ó Éirinn mar chuid den fheachtas míleata agus plandála a bhí ar bun ag an am.
Is beag eolas atá ann ar shaol Bartlett ach meastar gur rugadh é in Norfolk in East Anglia. Chaith sé tamall sa Spáinn (b’fhéidir gur Chaitliceach é). Mar áiseanna míleata a rinne sé an chuid is mó de na léarscáileanna agus eile a tháinig óna láimh: is minic dúnfoirt agus caisleáin le fáil iontu, mar bhí sé ag leanúint fheachtas Mountjoy (1600-1601), agus chuaigh sé ó dheas chun léarscáil a dhéanamh d’imshuí Chionn tSáile. I nGaeilge atá 80% dá chuid téarmaíochta. Sholáthair sé naoi saothair déag ar a laghad.
Ar nós cartagrafaithe eile dá leithéid, ba mhaith leis íomhánna beaga beoga a chur isteach ian shaothar: deatach ag éirí as simnéanna, lachain, fear ag dul trasna an mhóta ag Achadh an Dá Chora.
Fuair sé bás i dTír Chonaill am éigin idir 1603 agus 1609. Mar a dúirt an tArd-Aighne Sir John Davies:
"when he came to Tyrconnell the inhabitants took off his head, because they would not have their country discovered".
Tagairtí
Andrews, J.H. (2009). The Queen’s Last Map-Maker: Richard Bartlett in Ireland, 1600–3. Geography Publications. ISBN 978-0-906602-43-0