Anatamaí agus pailé-antraipeolaí a rugadh i mBrisbanena hAstráile ab ea Raymond Arthur Dart (4 Feabhra1893 – 22 Samhain1988). Sa bhliain 1924 agus i ndiaidh dó post ag Ollscoil an Witwatersrand san Afraic Theas a ghlacadh, fuair sé dhá bhosca lán de chnámha, bhlaoscanna agus eile ó úinéir cairéal aolchloiche in Taung, i gCúige an Iarthuaiscirt na tíre úd. D'aithin sé iontaiseAustralopithecus africanus, ar glacadh léi mar fhianaise le teoiric Darwin gurbh í an Afraic cliabhán an chine dhaonna. Blaosc duine óig a bhí ann agus baisteadh "Páiste Taung" air. Fuair Dart bás in aois a 95 bliana in Johannesburg.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!