Is páirtí polaitíochta Francach é an Rassemblement National ('Slógadh Náisiúnta' nó RN), nó an Front National (Fronta Náisiúnta nó FN) mar a bhíodh air roimh 2018. Teaghlach mór le rá sa pholaitíocht, muintir 'Le Pen', atá ag stiúradh an pháirtí ó na 1970idí go dtí an lá atá inniu ann.
Tá an páirtí i bhfad amach ar an eite dheis. Cur in aghaidh na hinimirce is ea cuid mhaith de shaothar an RN.
Ón mbliain 2011 amach, tá iníon le Jean-Marie Le Pen, Marine Le Pen, ina ceannaire ar an RN.
Sa bhliain 2017, bhí scrios déanta ar na mórpháirtithe polaitiúla, an Páirtí Sóisialach agus 'Les Républicains', agus d'éirigh an RN lárnach sa chóras polaitíochta sa bhFrainc, chomh maith gluaiseacht Émmanuel Macron, La République en Marche.[1]
Cé go raibh borradh faoin ngluaiseacht sna blianta 2018-2022, ní léir go bhfuil pobal na Fraince sásta glacadh go hiomlán lena bhfealsúnacht. Ní raibh acu ach seacht suíochán ag an RN as an 577 suíochán sa gcomhthionól náisiúnta le linn 2017-2022 (ionadaíocht chionmhar agus comhghuaillíochtaí polaitiúla ar bith).[1]
Sna 2020idí, rinne Marine Le Pen iarracht mhór maolú a dhéanamh ar an íomhá atá ag an bpáirtí gur dream radacach ciníoch ar an bhfíordheis iad. Ach chinn Comhairle Stáit na Fraince in 2024 go bhféadfaí a áitiú gur páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis atá i bpáirtí Le Pen.[2]
Conspóidí
Sa bhliain 2015, rinne sí idirbheartaíocht i Moscó chun iasachtaí don RN a thógáil amach (bhí na fiacha seo fós amuigh sa bhliain 2022).[3] In 2022, chuir Macron i leith Le Pen go raibh sí ró-spleách ar an Rúis toisc airgead a bheith faighte ar iasacht ag RN ó bhainc sa Rúis. Chosain Le Pen na hiasachtaí – ní raibh aon dul as aici ach airgead a lorg thar lear, a dúirt sí, toisc nach raibh bainc sa Fhrainc toilteanach iasachtaí a thairiscint dá gluaiseacht.[4]
Bhí Marine Le Pen ina feisire i bParlaimint na hEorpa idir 2004 - 2017. Bhí costais neamhrialta aici Bhí na fiosruithe fós ag dul ar aghaidh sa bhliain 2022.[5]