Tá Páirtí Neamhspleáchas na Ríochta Aontaithe nó PNRA (Béarla: United Kingdom Independence Party nó UKIP) ar cheann de na páirtithe polaitiúla sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1993, tar éis gur shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe Conradh Maastricht, chun glao ar son imeachta na Ríochta Aontaithe amach as an Aontas Eorpach. Go láithreach, níl suíomh ar bith acu i bParlaimint na Ríochta Aontaithe, ach dá ainneoin sin is iadsan atá go láithreach ar an gceathrú páirtí is mó roghnaithe i bpobalbhreitheanna olltoghcháin.[1] Go ginearálta, glacann an páirtí seasamh eite dheise ar cheisteanna eacnamaíochta agus sóisialta.
Tacaíonn an páirtí anois le Breatimeacht 'crua', agus go mbeadh níos lú inimirce isteach sa Ríocht Aontaithe. D'imir an páirtí ról tábhachtach i socrú Pháirtí Coimeádach na Ríochta Aontaithe sa bhliain 2013 reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach a ghealladh dá mbuafaidís an chéad olltoghchán eile, agus rinne siad feachtas ar son 'imeacht' sa reifreann seo.
I Mí na Nollag 2018, d'imigh iarcheannaire Nigel Farage den pháirtí, agus é ag scríobh sa nuachtán The Telegraph "nach é UKIP an páirtí Breatimeachta ar gá linn é", agus é ag cáineadh an pháirtí as a bheith frithioslamach agus róghafa le Tommy Robinson, duine mór ar an eite an-deis i Sasana.[2][3][4]. I Mí Eanáir 2019, cuireadh páirtí nua, an Brexit Party, ar bun, a bhfuil Farage ina cheannaire air, agus thit sciar vótaí UKIP i bpobalbhreitheanna go mór ina dhiaidh sin. In Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, ní fhuair an páirtí ach 0.1% de na vótaí, titim de 1.8% ó Olltoghchán 2017.