Is páirtí polaitíochta dílseach agus aontachtach[1][2] i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Daonlathach (Béarla: Democratic Unionist Party nó DUP). Bhunaigh Ian Paisley agus Desmond Boal an páirtí i 1971, le linn na Trioblóidí, agus bhí Paisley mar cheannaire an pháirtí ar feadh 37 mbliain ina dhiaidh sin.
Is é Gavin Robinson ceannaire an pháirtí, ceapthain 2024 i gcúinsí eisceachtúla.Fuair Gavin Robinson ceannas ar an DUP faoi choinníollacha nach roghnódh aon duine; tháinig sé i gcomharbacht ar Jeffrey Donaldson a dtáinig deireadh lena shaol polaitiúil nuair a cúisíodh é as cionta gnéis stairiúla, éigniú san áireamh.[3]
Deirtear go bhfuil an páirtí i bhfad amach ar an eite dheis[4] agus go bhfuil sé thar a bheith coimeádach ar chúrsaí sóisialta.[5] Tá sé in aghaidh an ghinmhillte agus an phósadh comhghnéis. Feiceann an DUP é féin ag cosaint an Briotanachas agus cultúr Protastúnach Uladh. Tá an páirtí amhrasach faoin Aontas Eorpach agus thacaigh sé leis an mBreatimeacht.[6][7]
Stair
D'eascair an DUP ón bPáirtí Aontachtach Protastúnach. Tá naisc stairiúla aige le hEaglais Shaor Phreispitéireach Uladh, an eaglais a bhunaigh Paisley. Le linn na `dTrioblóidí, bhí an DUP i gcoinne cumhacht a roinnt le náisiúnaithe Éireannacha mar bhealach an coimhlint a réiteach, agus bhí sé i gcoinne iarrachtaí baint a bheith ag Poblacht na hÉireann i gcúrsaí Thuaiscirt Éireann. Chuaigh sé i mbun feachtais i gcoinne Chomhaontú Sunningdale 1973, Comhaontú Angla-Éireannach 1985 agus Comhaontú Aoine an Chéasta 1998. Sna 1980í, bhí baint ag an DUP leis na gluaiseachtaí paraimíleataí dílseacha Third Force[8][9] agus Ulster Resistance[10] a chur ar bun.
I 2006, chomhshínigh an DUP Comhaontú Chill Rìmhinn agus an bhliain ina dhiaidh sin, d'aontaigh an páirtí le dul i mbun rialtas cineachta roinnte cumhachta le Sinn Féin,[11] a d'aontaigh an tseirbhís póilíní, cúirteanna agus an smacht reachta a thacú. D'fhág Jim Allister (an t-aon bhall de Pharlaimint na hEorpa ag an bpáirtí)[12] agus seachtar gcomhairleoirí[13] an páirtí mar agóid, agus bhunaigh siad an páirtí Glór Traidisiúnta Aontachtach.[14]
San olltoghchán 2019, bhí an DUP i dtús áite le hocht suíochán (bhí Sinn Féin sa dara háit le seacht gcinn).
In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.
2024
Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.[15]
D'éirigh Donaldson as an cheannaireacht ar an 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis. Bhí Gavin Robinson ina leascheannaire sula bhfuair sé an t-ardú céime gan choinne Aoine an Chéasta. Toghadh é mar cheannaire an pháirtí i gcúinsí eisceachtúla.[16]
Ar an 23 Bealtaine 2024, d'fhógair Rishi Sunakolltoghchán; ní raibh an DUP ag cruthú rómhaith sna pobalbhreitheanna ag an am. Ní raibh ceannaire ar an bpáirtí, Gavin Robinson róchinnte fiú go n-éireoidh leis a shuíochán féin a choinneáil i mBéal Feirste Thoir.[17]
Fuair ceannaire an TUVJim Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh, agus tháinig deireadh le rítheaghlach Paisley tar éis ceithre bliana is leathchéad.[19] Bhí farasbarr de 450 vóta de Jim Allister ar Paisley. Ní raibh aon choinne leis seo ar chor ar bith. Dúirt Allister é féin go raibh talamhchreathach.
Bhuail Aire Oideachais Stormont, Paul Givan, leis an An Chomhairle Pobal Dílseach (CPD nó LCC i mBéarla) i mí Mheán Fómhair 2024 agus chas Aire Pobal Stormont, Gordon Lyons leis an CPD cúpla seachtain níos déanaí. Scáthghrúpa do na paraimíleataigh dhílseacha (UVF, UDA...) is ea an CPD. Bhí an DUP ag tabhairt le fios go bhfuil dlisteanacht ag baint leis an CPD, is cosúil.[21]
↑Lee A. Smithey (2011-08-30). "Protestant Unionists and Loyalists". Unionists, Loyalists, and Conflict Transformation in Northern Ireland: 53–76. Oxford University Press.