Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán Cóiréach é Park Jae-sang (Cóiréis 박재상, hanja 朴載相, IPA /pɐk̚.t͡ɕεsɐŋ/), a rugadh ar 31 Nollaig 1977. Is é Psy (Cóiréis: 싸이, IPA |s͈ai|) a ainm proifisiúnta, a scríobhtar go minic le ceannlitreacha, .i. PSY. Is rapaire é agus léiritheoir taifeadtaí chomh maith. Aithnítear Psy ina thír féin mar gheall ar a chuid fístéipeanna greannmhara agus a cheolchoirmeacha. Bhain sé clú amach go hidirnáisiúnta lena thaifeadadh singil "Gangnam Style".
Rugadh Park sa cheantar úd Gangnam in Seoul, sa Chóiré Theas. Sa bhliain 2019 chuir sé comhlacht taifeadta ar bun.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |