Cuireadh é chun báis le scuad lámhaigh tar éis d'armchúirt é a chiontú i bpríosúnaigh a dhúnmharú le linn Dara Cogadh na mBórach (cuireadh a comrádaí, Breaker Morant, chun báis chomh maith). D'admhaigh Handcock gur dhúnmharfóir é agus ní raibh éinne in amhras gur mharaigh Morant daoine gan chosaint, idir phríosúnaigh agus sibhialtaigh, le tréan díoltais.[1]
É sin ráite, tá an cás conspóideach fós. sa chéad dul síos, bhí sáruithe nósanna imeachta ann sna trialacha. Níos tábhachtaí, meastar go ndearnadh ceap milleáin de, mar gheall ar pholasaí a tháinig ó leibhéal ní b'airde a chur i bhfeidhm.
Mhaígh Handcock agus Morant gur
chóir pardún a thabhairt (condonation)[2] ar an mbonn gur comhlíonadh dualgas onóra nó iontaobhais tar éis eolais maidir le cion a rinne an saighdiúir (leithscéal leagtha síos ag Diúc Wellington)
fuarthas ordú ó oifigeach a bhí os cionn an chiontóra.[3] Ach shocraigh an armchúirt sa chás seo (trí fhorcheilt, mar a bhítear á mhaíomh) nár tugadh aon ordú dá leithéid sin.
Cúisíodh beirt eile, An Mhaoir Robert Lenehan (Roibeard Uí Léanacháin) agus An Chaptaein Alfred Taylor (a rugadh i mBaile Átha Cliath). Bhí na hionchúisitheoirí míleata ag díriú go príomha orthu, mar na tionscnóirí a bhí taobh thiar de na cionta. Ach níor thoiligh Morant nó Handcock tiontú i d'fhinné ar son an Rí in aghaidh Lenehan agus Taylor agus fuarthas iad araon neamhchiontach.