Imdhíoneolaí a rugadh i mBrisbane na Astráile, a fuair amach i 1974, lena chomhghleacaí Rolf Zinkernagel, conas go beacht a aithníonn an córas imdhíonach cealla atá ionfhabhtaithe le víreas is ea Peter Charles Doherty (a rugadh ar 15 Deireadh Fómhair1940). Bhuaigh siad Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1996 as seo. Cheaptaí gur leor an víreas féin a bheith sa bhfuil chun an córas imdhíonachta a spreagadh chun feidhmithe, tríd an víreas a aithint mar antaigin ag antasubstaintí na fola is na T-chealla a chur á ndíothú. Ach bíonn na víris istigh i gcealla éagsúla, agus conas a d'aithneodh an córas na cealla infhabhtaithe thar na cealla sláintiúla? Thaispeáin na taighdeoirí nach ndéanann na T-chealla trodacha a gcuid oibre ach nuair a bhíonn dhá réamhchoinníoll ann: antaiginí ón víreas (nó ón mbaictéar), agus próitéiní histeachomhoiriúnacha cuí. Ba chéim mhór ar aghaidh an léargas seo chun modh oibre na himdhíonachta a mhíniú.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!