Thosaigh an paindéim COVID-19 i dTuaisceart Éireann ar an 27 Feabhra 2020.[1] Dhearbhaigh Áisíneacht Sláinte Phoiblí Thuaisceart Éireann go rabhthas tagtha ar chás den choróinvíreas agus gur duine an t-othar a tháinig ar ais ón Iodáil go dtí an stát ó dheas sula ndeachaigh sé ó thuaidh. Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt an Dr Michael McBride a d’fhógair an scéal i mBéal Feirtse, agus dúirt sé go raibh an dara tástáil á dhéanamh ar shampla ón othar i Sasana faoi láthair. Ní raibh an Dr Michael McBride sásta a rá cé acu ar tháinig an té atá buailte ag an ngalar as Baile Átha Cliath ar an gcóras iompair poiblí nó nár tháinig.[2] Faoi 20 Iúil 2021, bhí 141,460 cás agus 2,164 bás dearbhaithe ag an Roinn Sláinte.[3] Áfach, dar leis an Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde, fuair 2,982 duine bás de bharr COVID-19 faoi 2 Iúil 2021.[4]
Amlíne
Márta go dtí Bealtaine 2020
Ar an 28 Márta, d'ordaigh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann do dhaoine fanacht sa bhaile agus tugadh ordú do gnóthaí neamhriachtanacha a dhúnadh.[5] Ar an 24 Aibreán, athosclaíodh reiligí ag cumas teoranta.[6] Ar an 18 Bealtaine, athosclaíodh ionaid garraíodóireachta agus ionaid athchúrsála,[7] agus bhí shearmanais an phósta ceadaithe le haghaidh daoine atá ag fáil bháis.[8] An lá dár gcionn, maolaíodh níos mó srianta. Ceadaíodh cruinnithe de seisear agus athosclaíodh ionaid adhartha.[9]
Meitheamh go dtí Lúnasa 2020
Ar an 12 Meitheamh, athosclaíodh miondíoltóirí neamhriachtanacha, agus ceadaíodh cruinnithe de 10 duine atá nach bhfuil in aontíos lena chéile.[10] Ar an 3 Iúil, athosclaíodh óstáin, bialanna agus tithe tábhairne.[11] Ar an 6 Iúil, athosclaíodh siopaí gruagaire, siopa bearbóra agus salóin áilleachta. Chomh maith leis sin, bhí daoine i dTuaisceart Eireann ábalta cuairt a thabhairt do dhaoine sna ospidéil agus sna tithe cúraim.[12] Ar an 10 Iúil, athosclaíodh pictiúrlanna agus ionaid aclaíochta.[13] Ar an 1 Lúnasa, bhí daoine sa phobal atá ar lagchuidiú in ann a dteach a a fhágáil, agus d'fhill siad ar a n-obair.[14] Bunaíodh scéim "Eat Out to Help Out" ar an 3 Lúnasa, agus dúnadh é ag deireadh na míosa. Chabhraigh an scéim le bialanna i dTuaisceart Éireann.[15] Ón 10 Lúnasa, caithfear muintir Thuaisceart Éireann clúdaithe aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus i spásanna beaga eile.[16] Ar an 21 Lúnasa, cuireadh teorainneacha ar tionóil faoi dhíon agus tionóil faoin aer.[17]
Meán Fómhair go dtí Samhain 2020
Ar an 14 Meán Fómhair, cuireadh srianta réigiúnach i bhfeidhm i mBéal Feirste, an Baile Meánach agus áiteanna i Lios na gCearrbhach, Lann Abhaigh agus Cromghlinn. Ní raibh daoine sna háiteanna seo ábalta cuairt a thabhairt do dhaoine ina dtithe.[18] Bhí na srianta seo i bhfeidhm i ngach áit i dTuaisceart Éireann faoi 22 Meán Fómhair.[19] Dúnadh mórán gnéithe den earnáil fáilteachais ar an 16 Deireadh Fómhair.[20] Ar an 19 Deireadh Fómhair, dúnadh gach scoil ar feadh coicíse.[21] Ar an 20 Samhain, athosclaíodh caifí, ach dunadh na caifí arís ar an 27 Samhain. Ina theannta sin, fógraíodh go leathnóidh na srianta ar earnáil fáilteachais ar feadh coicíse ón 27 Samhain. "Circuit breaker" an t-ainm a bhí ar an leathnú.[22]
Nollaig 2020 go dtí an lá atá inniu ann
Ar an 4 Nollaig, fógraíodh go gcríochnóidh an "circuit breaker" an tseachtain seo chugainn.[23] Cuireadh ordú dianghlasála i bhfeidhm ar an 26 Nollaig ar feadh sé seachtaine.[24] Ar an 21 Eanáir 2021, leathnóidh an dianghlasáil go dtí 5 Márta.[25] Ar an 18 Feabhra, leathnóidh an dianghlasáil arís go dtí 1 Aibreán, ach tugadh cead do roinnt páistí bunscoile filleadh ar ais ar scoil ón 8 Márta.[26] Ar 2 Márta, nocht an chéad aire Arlene Foster agus an leas-chéad aire Michelle O'Neill plean an dianghlasáil a chríochnú.[27]
Gailearaí
Comhairle ar chomhartha sráide i mBéal Feirste i mí an Mhárta 2020.
Ní raibh trácht ar bith le feiceáil ar an mótarbhealach (A1), in aice le Iúr Cinn Trá i mí Aibreáin 2020.
Na srianta i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann i mí na Samhna 2020.