Ba chathair ársa Ghréagach í Péargamas[1] (Sean Ghréigis: Πέργαμον or Πέργαμος) san Áise Bheag (An Tuirc sa lá atá inniu ann), suite 16 míle (26 km) ón Mhuir Aeigéach, ar cheann tíre ar an taobh ó thuaidh den abhainn Caicus (Bakırçay an lae inniu). Rinneadh príomhchathair 'Ríocht na Pergamoine' dí i rith na tréimhse Heilléanach, le linn réimis na nAttalach, 281-133 RC. Inniu, tá príomh-shuíomhanna na Phéargamoine ársa le feiscint taobh ó thuaidh agus taobh thiar den chathair nua-aimseartha Bergama.