D'fhógair an Chéad Comhairle Vatacáine nach ndéanfadh an Pápa faillí agus é ag labhairt ex cathedra ar ábhar creidimh.
Tús a shaoil
Rugadh Giovanni Maria Mastai-Ferretti i Senigallia san Iodáil in 1792. Oileadh é mar shagart agus bhí sé ag obair sa tSile agus Peiriú sular fhill sé ar ais ar an Iodáil mar Ardeaspag Spoleto in 1827. Ceapadh é mar Easpag Imola (a bhí i bhfad níos tábhachtaí ná Spoleto) agus cairdinéal in 1839.
Nuair a rinne na náisiúnaí Iodáileacha ionsaigh ar an Róimh in 1848, bhí ar an bpápa éalú ón Róimh. Tháinig sé ar ais le mheon athraithe, agus fís fíor-choimeádach aige.
I 1860 ghabh Garibaldi mórchuid de críocha an Phápa, am a bhí aontú na hIodáile ar siúl. Ghabh an Ríocht Iodálach an Róimh agus Stáit an Phápa. Ó shin i leith, chuir Pius IX 'príosúnach na Vatacáine' air féin.
Thosaigh mór-fhadhbanna ansin le Poblacht nua na Fraince agus Impireacht na Gearmáine tar éis do Bismarck an Kulturkampf a cuir i bhfeidhm. Ba léir nach raibh an meas céanna ar na mór-chumhachtaí ar an bPápa níos mó.
Diagacht
In 1854, d'fhógair sé go raibh Muire gan smál mar dhogma Caitliceach. In 1864, d'fhógair sé an Syllabum Errorum, a chuir síos earráidí na nua-aoise.
In 1869, ghlaoigh sé an Chéad Comhairle Vatacáine; d'fhógair a Chomhairle go mbeadh an Pápa saor ó earráide nuair a labhair sé ex cathedra (ón gcathaoir) ar ábhair chreidimh nó morálta.
Scríobh Pius IX an imlitir Praedecessores nostros sa bhliain 1847.[1] Bronnadh airgead ar charthanacht in Éirinn gus an Gorta Mór faoi lán seoil.
Cháin Pius IX na "Godless colleges" (Queens) in Éirinn ag an am.[2]
Scríobh sé an imlitir, Optime noscitis (Catholic University of Ireland) a tháinig amach ar 20 Márta 1854.
Bás agus comharbas
Fuair an Pápa Pius IX bás i 1878. Chaith sé níos mó ná 31 bhliain mar phápa. Tháinig Leo XIII i gcomharbacht air.
Rinne Eoin Pól II beannú ar Pius IX sa bhliain 2000, gníomh conspöideach ag an am.