Reáchtáladh olltoghchán in Éirinn - agus sa Bhreatain ag an am céanna - ar an 14 Nollaig1918. Tá tábhacht bhunúsach i stair na hÉireann ag baint le Olltoghchán na hÉireann, 1918. Léirigh an toghchán sin a cuireadh ar bun ar oileán na hÉireann na claonta polaitiúla go léir ag an am.[1]
Dúirt an tUachtaránMicheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2018 gur léirigh torthaí an toghcháin 1918 féin an t-athrú amháin ba mhó in ionadaíocht pharlaiminte[2]. Thuar sé na deighiltí a mhéadódh ar an oileán. Ar feadh achair ama ghairid, chuir na héilimh ar chearta an lucht oibre, ar chearta na mban, agus ar phoblacht neamhspleách ar leith d’Éirinn, deireadh leis na fórsaí bunaithe agus le struchtúir an ama chaite. Scaipeadh síolta sochaí a bhí níos cuimsithí – síolta ar thóg sé roinnt mhaith glúnta orthu péacadh, faraor. Ba é ghné chumhach thoghchán 1918 gur theip ar mheas a thabhairt dá údarás agus dá bharr sin gur tharla Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha tragóideach.