Ba theideal gairme d'Ard-fhile na nGael ab ea Ollamh Éireann (Sean-Ghaeilge Ollam[1] Érenn).
Cúlra
File nó bard na litríochta nó na staire ab ea ollam ('is mó' go litriúil). Bhíodh a ollamh féin ag gach taoiseach nó tuath. Bhíodh ard-ollamh i ngach cúige, mar shampla, cúige na nUladh, ar comhchéim shóisialta le rí na cúige. Thar ollaimh na gcúigí, bhíodh Ard-Ollamh (Rí-Ollam, Rí-Eigeas, Príméces) nó "Ollamh Éireann" i réim, ó am go chéile ar a laghad.
De ghnáth taobh istigh de ríocht Éireann, thagadh an Rí agus an tArd-Ollamh don ríocht go léir as tuath ar leith, an ceann is cumhachtaí. I gcúige Uladh, bhítí in iomaíocht go dian le haghaidh na hard-chumhachta, agus ó am go céile malartaithe idir na sleachta iomaíocha clanna iomaíocha, Dál Fiatach agus Dál nAraidi.
Stádas sóisialta
B'ionann stádas sóisialta an Ollaimh Éireann agus an tArd-Rí, agus bhí aige féin a phálás agus lucht coimhdeachta, de ghnáth 30 ollamh i dteannta lena ngiollaí. De réir na dlíthe sómhara, bhí cead aige é féin a ghléasadh le héadaí sé-dhathach, maraon leis an rí. Choinnítí craobh óir thar chionn an ollaimh; bhíodh craobh airgid ag an ánradh, agus craobhacha cré-umha ag na filí eile.
Is léir gur leath-oidhreachtúil é an gairm, óir go ndeirtear i Uraicecht na Ríar ("Bunleabhar na gCoiníollacha", eag. Liam Breatnach, DIAS 1987) nach féidir ollamh a dhéanamh de dhuine acu amháin gurbh fhilí a ghealfhine (is é sin, dá mba fhilí iad a athair agus a sheanathair). Ar dtús, ceapadh an an t-ollamh ag an rí, ach faoin 6ú haois, thoghtaí é ag na hollaimh eile.
Seanscéalta
Sa scéal de chuid na Rúraíochta, "Immacallam in dá Thuarad"[2] faightear tuairim is caint uaillmhianach an Ard-Ollaimh.
I scéal eile, "Tromdámh Guaire"[3] nó "Imtheacht na Tromdhaimhe",[4] tugtar cur síos glé ar an Ard-Ollamh i dteannta lena lucht coimhdeachta i mbun cuairt a thabhairt ar thaoisigh na dtuath.
I Leabhar Gabhála na hÉireann, insítear scéal faoi Ollamh Fodhla[5]
Dualgais agus táillí
De réir nóis ársa, b'éigean do ríthe agus taoisigh bia agus síntiúis a thabhairt do bhuíonta fáin na n-ollamh, de ghnáth 30 ann, rud a bhíodh ina eire mór orthu. Dá ndiúltóidís, d'aorfaí iad.
Gaireadh Tionól Droma Ceat c. A.D. 575 chun dlíthe nua a chur i bhfeidhm um na n-ollamh a smachtú. Deirtear i bhForas Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn go ndéana Naomh Colm Cille idirghabháil ar a son.
PríomhOllúna
Ré réamhstairiúil
Luathmheánaois
- Torna Éices, beo. c. 400
- Dubhthach moccu Lughair, c. 432 (féach an Seanchas Mór)
- Dallán Forgaill, bás 598
- Senchán Torpéist, PríomhOllamh 598 - 647
- Máel Muire Othna, bás 887
- Flann mac Lonáin, 896
- Torpaid mac Taicthech, bás 913
- Óengus mac Óengusa, bás 930
- Bard Boinne, bás 931
- Uallach ingen Muinecháin, bás 934
- Cormacán Éigeas, bás 946
- Cinaedh Ua hArtagáin, bás 975
- Eochaidh Ua Floinn, bás 984
- Urard mac Coise, bás 990
Meánaois
- Clothna mac Aenghusa, bás 1008
- Muircheartach mac Con Cheartaigh Mac Liag, bás 1015
- Cúán úa Lothcháin, bás 1024
- Cú Mara mac Maic Liac, bás 1030
- Mac Beathaidh mac Ainmire, bás 1041
- Ceaunfaeladh ua Cuill, bás 1048
- Flaithem mac Maele Gaimrid, bás 1058
- Cellach úa Rúanada, bás 1079
- Mael Isa ua Máilgiric, bás 1088
- Cú Collchaille Ua Baígilláin, bás 1119
- Cú Connacht Ua Dálaigh, bás 1139
- Gillamaire Ua Conallta, bás 1166
- Tadhg Ua Dálaigh, bás 1181
- Máel Íosa Ua Dálaigh, bás 1185
Meánaois dhéanach
Féach freisin
Tagairtí