Is Comhphobal féinrialaitheach na Spáinne í Navarra (Bascais Nafarroa) agus is chuid den Thír Bhascach í. Comunidad Foral de Navarra' is í a ainm iomláin Spáinnis, (Bascais: Nafarroako Foru Erkidegoa)
An Comhphobal
Tá teorainn ag Navarra leis An Tír Bhascach Theas (taobh thoir) , La Rioja (ó dheas), taobh thiar de Aragón agus ó thuaidh ta an Fhrainc
Leis an gcóras féinrialaithe, tá pairlimnt (Parlamento de Navarra) agus rialtas (Gobierno de Navarra) féin aici. Tá na seirbhísí sláinte, fostaíocht, oideachas sóisialta, tithíocht, forbaint bailte, cosaint an timpeallacht faoi dulgais an rialtais áitiúil (mar atá i ngach comhphobail féinrialaithe). Murab ionann agus na réigiún eile (cosúil leis an tír Bascach) ta dulgais iomláin aici faoi báiliú cháin
Tá 272 contaetha sa cheantar Navarra ach cónaíonn aon-trían den daonra sa phríomhchathair Iruña (Spáinnis Pamplona)
Cultúr Dúchais
Tá méascan cultúr i Navarra, tá tionchair an Bascach ag teacht óna sléibhte Piréineach agus ón Meánmhuir tríd abhainn na Ebro. Tá gleann an Ebro go maith i gcomhair fás an cruithneacht, glasraí, fíon agus fiú crainn ológa cósúile le na hAragóine agus La Rioja. Ba chuid den Impireacht Rómhánach í agus sna Meánaoiseanna rinneadh é taifa den ríocht Tudela. I rith an Reconquista, bhog muintir an tuaisceart ó dheas. Sna Meánaoiseanna b'é crosbhealach í Iruña do na Bascaigh, Gasconaigh ó thaobh thall na sléibhte Píréineach (an Fhrainc); agus cainteoirí Rómansúil.
Tá teanga na Bascaigh tar éis laghdaithe thar na blianta. Labhraítear an cánnúint Nabháiris sinsearach sa réigiún seo. Go minic tá comhghaol idir móthúcháin Bascach agus labhairt na teanga. Go poiliciúl tagann labhairt na Bascais le naisiúnachas an Bascach le chéile, mar shampla tá páirtí mar Batasuna, Aralar, Eusko Alkartasuna EAJ-PNV nó Batzarre níos láidre sa tuaisceart ait a bhfuil labhairt na teanga níos coitianta. Páirtí eile a bhfuil sa réigiún Bascach ná na brainse áitiúil den PSOE, chomh maith le paitithe réigiúnach mar an UPN (Unión del Pueblo Navarro) agus Convergencia de Demócratas Navarros.
Stair
Bhí Ríocht an Navaire ann ar feadh tamail agus d'fhás sé as an contae timpeall ar Pamplóna an phríomhchathair traidisiúnta. Thosaigh sé nuair a throid an ceannaire Bascach Eneko Haritza in aghaidh na Francaigh, agus rinneadh Rí as. Bhí an Ríocht mar antaon ríocht neamhspleách Bascach go dtí gur tógadh í isteach sa Ríocht Castilla sa bhliain 1513.
Daonra & Riaracháin
Tá 272 bardais i Navarra le daonra iomláin 636,142 (2018). Tá aon trían den daonra ina gcónaí sa phríomhchathair, Pamplona nó leath den daonra ina gcónaí in a mórcheantar uirbeach (315,988). Níl aon bardais móra eile sa réigiún. Níl ach 32,802 daoine ina gcónaí i Tudela.
Bardais de réir Daonra (2017)[1]
|
Uimhir
|
Bardas
|
Daonra
|
1.ª |
Pamplona / Iruña |
197.138
|
2.ª |
Tudela |
35.298
|
3.ª |
Eguesibar |
20.417
|
4.ª |
Barañáin |
20.124
|
5.ª |
Burlada |
18.591
|
6.ª |
Zizur Mayor |
14.686
|
7.ª |
Estella-Lizarra |
13.707
|
8.ª |
Ansoáin |
10.752
|
9.ª |
Tafalla |
10.638
|
10.ª |
Aranguren |
10.239
|
Polasaí Fuinneamhach
Tá Navarra mar an ait is fearr san Eoraip de bharr a úsáid teicneolaíocht fuinneamh in-athnuaite. Tá pleanna aici le 100% fuinneamh in-athnuaite a bheith acu roimh 2010. By 2004 bhí 61% den fuinneamh mar fuinneamh in-athnuaite 43.6% ó 28 feirm ghaoithe 28, 12% ó uisce agus 5.3% bithmais agus bithghais. Freisin tá an monarchan chumhachtaigh fotovoltach is mó sa Spáinn (nó beagnach an cheann is mó)ag Montes de Cierzo de Tudela (1.2 MWp), agus na céadta cinn beaga.
Tagairtí
- ↑ Instituto Nacional de Estadística. (2017)