An chuid den néarchóras atá eagraithe i líon ollmhór néaróg a cheanglaíonn an néarchóras lárnach le fíocháin eile na colainne. Roinntear é ina chuid uathchórasach, a bhaineann le freagairtí ainneonacha (uathoibríocha), agus an chuid shómach, a chuimsíonn sa duine dís néaróg cráiniach, agus timpeall 31 dís néaróg dromlaigh a bhíonn gníomhach i ngníomhartha deonacha, monatóiriú na timpeallachta seachtraí, agus cuid mhaith de thimpeallacht inmheánach na colainne.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!