Choimeád sé coróin na tíre in ainneoin iarracht ó Ruaidri mac Tairrdelbach Ua Conchobair é a bhriseadh as sa bhliain 1159. Níor éirigh leis, áfach, an ceann ab fhearr a fháil ar a shean-naimhde Cenél Conaill agus na hUlaid. Sa bhliain 1166, rinne sé iarracht teacht ar shocrú taidhleoireachta lena chomharsana. Chuir sé sos cogaidh ar bun, agus thóg sé gialla ó chuid mhaith de chlanna Uladh. Mar pháirt den socrú, thug sé mionn sollúnta d'Easpag Ard Mhacha agus daoine mór le rá eile maidir lena deá-iompair. Níorbh fhada gur bhris sé an mionn, áfach, nuair a gabhadh agus dalladh Eochaid mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe, Rí Uladh.
Thréig a gcomhghuaillithe é láithreach bonn, agus fágadh Muircheartach gan mórán tacaíochta. Maraíodh eisean agus seisear déag dá chomrádaithe eile, rud a cuireadh síos de dhíoltas Naomh Pádraig.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.