Rinceoir coimhthíoch agus cúirtéiseánach ba ea Margaretha Geertruida "Grietje" Zelle, nó Mata Hari, a céimainm (7 Lúnasa1876, Leeuwarden - 15 Deireadh Fómhair1917, Vincennes). Ba Freaslannach í. Cuireadh chun báis í i rith an Chéad Chogadh Domhanda nuair a cuireadh an spiaireacht ina leith, ach rinne an t-arm Francach éagóir uirthi, is cosúil.[1]
Saol
Rugadh Mata Hari i Leeuwadren san Ísiltír. Agus i mbarr a réime di, bhí sí ina rinceoir anghrách inar ceadaíodh roinnt grianghraf beagáinín mínáireach. Chuir é seo gan amhras leis an íomhá de femme fatale a bhí aici.
Bhí Mata Hari 5'10" ar airde agus tarraingteach san áireamh. De dheasca sin bhí sí faoi shúile na bhfear go minic. Dúradh gur mhór an caidreamh collaí a bhí aici le hoifigigh míleata agus lucht na huasaicme, chomh maith le polaiteoirí na tréimhse sin.
Spiaireacht agus bású
Cuireadh ina leith ag an Deuxième Bureau na Fraince go raibh sí ag spiaireacht ar son na nGearmánach.
Dúirt sí nach raibh baint rómhór aici leis an spiaireacht. De réir cáipéisí oifigiúla na Gearmáine, tugadh an cód-uimhir H-21 uirthi. Tá an chuma ar an scéal gur spiaire ab ea í, ach is beag éifeacht a bhí aici. I ndáiríre rinneadh ceap milleáin di.
Chuir scuad lámhaigh Mata Hari chun báis ar an 15 Deireadh Fómhair1917, i Vincennes sa Fhrainc le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus í 41 bliana d'aois ag an am.
Rinneadh taighdeanatamaíoch ar a corp. Bhí ceann Mata Hari balsamaithe. Ach cailleadh na húdaráis é (an músaem anatamaíoch i bPáras) sa bhliain 1954 nó níos déanaí (níl a fhios acu).