Titeann Lá na Leanaí Uile gach bliain ar an 20 Samhain.[1] Thosaigh na Náisiúin Aontaithe ag ceiliúradh Lá na Leanaí Uile sa bhliain 1954. Bíonn béim ar leith ar chearta na leanaí.[2][3]
Thosaigh na Náisiúin Aontaithe ag ceiliúradh an lae seo roimh Lá na mBan, sa bhliain 1954.
Síníodh an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh ar 20 Samhain 1989 in ómós do Lá na Leanaí Uile.[4] Is comhaontú idirnáisiúnta é an CNACL ina liostaítear na cearta atá ag gach leanbh agus duine óg faoi 18 bliain d’aois.