"cuireadh dúinn meas a bheith againn ar ról suntasach na heolaíochta sa tsochaí agus é a cheiliúradh, agus aitheantas a thabhairt don iliomad bealaí ar féidir le heolaithe ar fud an domhain cuidiú linn i leathnú ár dtuisceana ar an bpláinéad iontach leochaileach a roinnimid le chéile.
Tá sé ríthábhachtacht meas a bheith againn ar thábhacht na heolaíochta inár saol, agus ar thuiscint ar an eolaíocht maidir le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá roimh an gcine daonna.
Tá aghaidh á tabhairt go ciallmhar agus go héifeachtach ar an iliomad fadhbanna atá romhainn - amhail an bhochtaineacht dhomhanda, an t-athrú aeráide, an choinbhleacht, an galar agus an t-ocras - trí thairbhe an taighde agus na tuisceana eolaíochta a roinnt. Is cruthúnas air sin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus sinn ag brath, mar a dhéanaimid, ar scoth na hoibre eolaíochta.
Ar an Lá Domhanda Eolaíochta seo, geallaimis an athuair go gcloífimid le prionsabail an chomhoibrithe dá leithéid, chun an t-eolas a roinnt ar bhealach cóir cothrom, rud a chabhróidh linn go léir saol síochánta agus forbairt inbhuanaithe a chruthú sa todhchaí.” [1]