Ceiliúrtar Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa ar 3 Bealtaine gach bliain, chun ómós a léiriú do na hiriseoirí a fuair bás agus iad i mbun a gcuid dualgas, agus chun bunphrionsabail shaoirse na meán, an iolrachais agus an neamhspleáchais a cheiliúradh.[1] Mar sin, tá ról tábhachtach na meán i sochaithe daonlathacha.[2]
Nár ghnách, ag lucht na nuachtán, más go mórchúiseach é, an ‘ceathrú heastát’ a lua leo féin, agus iad, gan amhras, ag cur ina luí ar an gcuid eile againn gur géag riachtanach agus ceartbhunaithe den chóras daonlathach iad.[3] Agus is mian leis an Aontas Eorpach an prionsabal a leanas a mheabhrú: go bhfuil “bunú, caomhnú agus cothú preasa atá neamhspleách, iolraíoch agus saor riachtanach d’fhorbairt agus do chaomhnú an daonlathais i náisiún agus don fhorbairt eacnamaíoch”.[4]
Rinneadh "Dearbhú Windhoek" ar 3 Bealtaine1991.[5] Baineann Éire rangú maith amach ó shin le "Reporters without Frontiers"[6] (sa 13ú háit as 180 tír sa bhliain 2020).
Rialachán preasa in Éirinn
Le bunú Chomhairle Preasa na hÉireann agus Oifig an Ombudsman Preasa ar an 1 Eanáir2008,[7] tá teacht ag gach duine in Éirinn ar mhodh neamhspleách le haghaidh gearáin phreasa atá sciobtha cothrom agus saor in aisce.
Féach freisin
Iriseoireacht. Ar an 2 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Dheireadh leis an tSaoirse ó Phionós i gcás Coireanna in aghaidh Iriseoirí.
Breandán Delap : Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal (Cois Life)[8]
Tagairtí
↑Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-03.