Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine’[2]. Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann.
Féilire
Bhí an bhliain roinnte ina dhá cuid — ó Shamhain go Bealtaine an geimhreadh, agus ó Bhealtaine go Samhain an samhradh agus an fómhar. B'iad Imbolg agus Lúnasa an dá fhéile mhóra eile, Imbolg ag tús an earraigh nuair a bhí an síol le cur agus Lúnasa nuair a thosaigh an fómhar mór.
Oíche Bhealtaine
Bhí an oíche dhraíochtúil.
Bhí an nath ann a bheith "idir dhá thine Bhealtaine"[4]. Bhíodh dhá thine chnámh mar chuid de cheiliúradh na Bealtaine. Léimeadh lánúna óga thar an tine, thíomántaí na ba thairsti leis ar uairibh; thugtaí biorgadáin nó sméaróidí den tine abhaile leis an buaile agus an macha a bheannú.
Nuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.
Piseoga
Is iontach go deo an lear seanchais agus pisreog atá fúithi.[5] Mar shampla, bhí piseoga gránna ann. Deirtear nach ceart bainne a thabhairt go duine Lá Bealtaine. Má thugann tú bainne go duine ní bheidh mórán ime agat "ar feadh na bliadhna".[6]
Bhí nósanna deasa ar Lá Bealtaine chomh maith.
Chreideadh na cailíní go raibh de bhua ag drúcht Lá Bealtaine go ndéanfadh sé snó agus maise a chur ar d'aghaidh.
Feirmeoireacht
Is ar Lá Bealtaine a thosaíodh biaiste an bhuaile; thiomántaí na ba agus an stoc ó sheanláthair suas go dtí na sléibhte agus d'imíodh an chlann leo don samhradh le féaránach a bheith ag an stoc ar na sléibhte fad a bhí féar don gheimhreadh ag fás timpeall an tseantí.
Thar lear
Ó Shasana a tháinig nós an "Maypole", nó rince timpeall ar phola maisithe le bláthanna. Ach bhí an nós forleathan i gCiarraí agus i gCorcaigh, a scríobh Ó Fiannachta. Théadh daoine timpeall na sráideanna le Maypole agus bhíodh rince acu os comhair na dtithe mar a bhíonn lá an dreoilín.