Is Lá Náisiúnta Cuimhneacháin é Lá ANZAC san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. Ceiliúrtar Lá ANZAC gach bliain ar an 25 Aibreán, nuair a rinne na trúpaí Astrálacha agus Nua-Shéalannacha ionradh ar an Tuirc sa bhliain 1915, "feachtas Gallipoli".
Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.
Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.
Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:
Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.
Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.
Comóradh
Dúirt Michael D. Higgins, a raibh fiche Ceann Stáit eile ina chuideachta ag “Searmanais Chomórtha Gallipoli” ar 23 Aibreán 2015, "b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[1]