As an fhearg ollmhór a d’eascair as na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1976, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána nó The Peace Women, níos déanaí Lucht na Síochána nó The Peace People, nó the Community for Peace People.[1]
Bunú
Ar an 10 Lúnasa1976, ar Bhóthar Fhionnachaidh i mBéal Feirste, scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir. Maraíodh Lennon ar an toirt.[2][3][4][5]
Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo Anne Maguire agus a triúr páistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl. Fuair an tríú páiste, John, bás an lá ina dhiaidh. Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá, sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.
Chuir Anne Maguire lámh lena bás féin 41 mí ina dhiaidh an eachtra.
As an fhearg ollmhór a d’eascair as an tubaiste, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána.[1]
An ghluaiseacht
Chonaic máithreacha ar fud an Tuaiscirt uafás na tubaiste a tharla do chlann Mhig Uidhir sa bhliain 1976. Bhailigh siad le chéile faoi stiúir dheirfiúr Anne Maguire, Mairéad agus Betty Williams. Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste, a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh. An lá i ndiaidh na mbásanna, tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Andarsain in agóid in éadan an fhoréigin.[1]
Bhí Ciaran McKeown ar dhuine de na ceannairí níos faide anonn.
Bhí fadhbanna eile ag Lucht na Síochána - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht. Thit an tóin as an gluaiseach sa bhliain 1978.[6]
Níos déanaí, bhí Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza.
I 1996, tháinig Monica McWilliams agus Pearl Sagar le chéile le Comhlathas na mBan a bhunú mar eagraíocht a chuirfeadh dlús faoi iarrachtaí mhná an Tuaiscirt sna 1990idí a bheith páirteach i struchtúir a bhí ag múnlú a dtodhchaí.[1]