Ag an am bhí Liam in a oifigeach i gcathlán Loch Garman den Royal Irish Regiment. D’éirigh sé as a choimisiún chun páirt a glacadh i gCogadh na Talún, agus chaith sé seal i bPriosún Chill Mhaighneáin de bharr a chuid gníomhaíochta sa chogadh sin.
I dteannta a dhearthár, agus ar iarratas ó Pharnell, chuaigh sé ag bailiú airgid san Astráil. Le linn dó a bheith ann chas sé leis an mbean a phós sé, Eleanor Dalton, iníon le hoifigeach dlí Astrálach.
Polaitíocht
Toghadh Willie mar Fheisire Parlaiminte (FP) do Loch Garman in 1883 agus d’Fhear Manach in 1885. Sheas sé le Parnell nuair a scoilt an Páirtí Éireannach mar gheall ar Kitty O’Shea agus bhuaigh sé suíochán in Oirthear an Chláir in 1890, suíochán a choinnigh sé go dtí go bhfuair sé bás i 1917.
Mar fheisire i Westminster, bhí Liam faoi scáth a dhearthár. Ní dhearna sé aon éacht pharlaiminte, ach bhí meas air i measc a chomfheisirí.[2]
Duine ionraic cróga ab ea Liam, fear a thug géillsine do Rí Impire na Breataine agus a bhí dílis dó go himirt anama. Chreid sé sa Ríocht agus san impireacht úd, agus gurbh é leas na hÉireann a bheith mar dhlúthchuid díobh, ach Rialtas Dúchais a bheith aici. Is léir, ámh, nár chreid sé sa scarúnachas ná i neamhspleáchas na hÉireann.[3]
An Chéad Chogadh Domhanda
Nuair a d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin chuaigh Liam i mbun earcaíochta in Éirinn d’arm na Breataine, agus go háirithe don 16ú Rannán.
1914
Cé go raibh sé ina theachta Parlaiminte agus os cionn gnáthaois saighdiúrachta (in aois 53 dó sa bhliain 1914), liostáil Liam agus lorg sé ceapachán sna línte tosaigh.
Ar an 22 Samhain 1914 i gCorcaigh, thug Liam óráid cáiliúil, a eagraíodh chun fir Éireannacha a spreagadh chun liostáil le hArm na Breataine agus dul ag troid ar an Mór-Roinn.[4]
1917
Is ar an óráid deiridh a thug sé i Westminster is mó atá cuimhne air. Ar an 7 Márta 1917, chuidigh Willie Redmond le rún a mhol T.P O’Connor go gcuirfí an tAcht um Rialtas Dúchais, a bhí ar fionraí, i bhfeidhm láithreach. Rinne sé mór den aontas a mhaígh sé a bheith idir shaighdiúirí as Éirinn in arm na Breataine, ba chuma ar Chaitlicigh nó Protastúnaigh iad, as Uladh nó eile, a bhí ag troid i dteannta a chéile in aghaidh namhad chomónta.
Thagair sé don tacaíocht, ar an gcoinníoll go nglacfadh Protastúnaigh na Sé Chontae leis, a bhí léirithe sa pharlaimint don Acht D’impigh sé ar Edward Carson aontú agus thairg sé glacadh le coinníollacha a chuirfeadh chun suain imní na bProtastúnach roimh an móramh Caitliceach, cé nár chreid sé féin go raibh gá lena leithéid. Ar ndóigh, níor aontaigh Carson, theip ar an rún agus d’fhill Liam go brónach ar na trinsí.
Bás
Gortaíodh é go marfach (in aois 56 bliain dó) ar an 7 Meitheamh1917 i gCath Messines. Mar mhaor san Royal Irish Regiment a ghlac sé páirt san ionsaí ar an lá sin. Goineadh é agus tógadh ar ais go dtí ionad garchabhrach é, áit a bhfuair sé bás.
Cuireadh é tráthnóna 8 Meitheamh i ngairdín clochair i mbaile beag Loecre.