Is é an League of Ireland (Gaeilge: Sraith na hÉireann) an tsraith pheile is airde in Éirinn. Bunaíodh an tsraith sa bhliain 1921 agus bhí sé roinnte ina ndeighleoga sa bhliain 1985 nuair a cruthaíodh an Chéad Roinn. Tá Cumann Peile na hÉireann i gceannas ar an tsraith ó 2006 tar éis an cumasc de Shraith na hÉireann agus an cumann. Ba iad na clubanna i gceannas ar an tsraith roimh an cumasc. Imríonn foireann amháin as Tuaisceart Éireann (Derry City) sa tsraith. San iomlán, tá 22 club i Sraith na hÉireann: 10 sa Phríomhroinn agus 12 sa Chéad Roinn. Ritheann an tsraith ó mí an Mhárta go mí na Nollag.