Mar a tharla i gcás an cheoil, na litríochta, agus na n-amharcealaíona, bhí tionchar an-mhór ag an Rómánsachas ar an mbailé.[2] Chuidigh dul chun cinn nua san ealaín, amhail forbairt na teicníce pointe,[3] níos mó airde ar an gceol agus béim ar mhothú leis na damhsóirí a ullmhú do na héilimh a tháinig isteach leis an dá léiriú is tábhachtaí de ré an bhailé rómánsaigh: La Sylphide agus cúpla bliain níos déanaí, Giselle (de Théophile Gautier sa bhliain 1841).[2]
B'ócáid stairiúil í. Cur chuige nua-aimseartha amach is amach a bhí annː
Nochtadh an plota tarraingteach de réir a chéile.
Bhain an feisteas stáitse an anáil den lucht féachana
Chaith na bailéiríní an tútú trédhearcach (an feisteas damhsa nó gúna) don chéad uair riamh agus bhí siad ar a mbarraicíní an t-am ar fad, éacht nua.
Chuir August Bournonville leagan eile ar an stáitse sa bhliain 1836, Marius Petipa (le Varvara Nikitina) i Cathair Pheadair in 1892, agus Pierre Lacotte i bPáras in 1972.
In Éirinn
Cuirfidh scolairí Regina Rogers School of Ballet féile bailé i láthair sa Taibhdhearc, le sleachta ó La Sylphide a bhliain 2020.