Ós rud é go bhfuil féiniúlachtaí gnéis agus inscne ann nach dtagann faoi scáth na dtéarmaí san acrainm, is minic a bhaintear úsáid as leaganacha breisithe ar nós LADT+ freisin,[1][2] acrainm lena n-aithnítear agus lena n-áirítear féiniúlachtaí mionlaigh eile nach bhfuil leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach amháin. Úsáidtear roghanna eile freisin, mar shampla LADTA, LADTI, LADTAIAP etc. Úsáideann daoine agus eagraíochtaí an t-acrainm is mó atá ag teacht, dar leo, lena gcuid ball, a gcuid dearcthaí agus a gcuid cuspóirí.[3]