Ceannaí fíona is micreascópaí amaitéarach a rugadh i Londain ab ea Joseph Jackson Lister (11 Eanáir1786 – 24 Deireadh Fómhair1869). Shaothraigh sé bealach chun córais lionsaí a thógáil inar laghdaíodh go mór iomraill chrómatacha is sféarúla. I 1826 thóg James Smith micreascóp feabhsaithe de réir dearadh Lister, agus baineadh feidhm as an bhliain dár gcionn chun an chéad fhoilseachán inniúil iontaofa ar histeolaíocht a tháirgeadh. Toghadh é ina bhall den Chumann Ríoga i 1832. Athair do Joseph Lister ab ea Joseph Jackson Lister.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!