Amhránaí sean-nóis as Leitreach Ard, Contae na Gaillimhe i ngar do Charna is ea Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha (a rugadh i 1937), nó Johnny Mháirtín Learaí mar is fearr aithne air. Bhuaigh sé Corn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna i gCorcaigh sa bhliain 1985. Níor ghlac sé páirt sa chomórtas ó shin. Tá roinnt amhrán de chuid Johnny Mháirtín Learaí ar fáil ar an dlúthdhiosca Contae Mhuigheo a chuir Cló Iar-Chonnacht amach i 1993.[1]
Naisc sheachtracha
Tagairtí