Eacnamaí agus fealsamh ba ea John Maynard Keynes (5 Meitheamh 1883 – 21 Aibreán 1946), duine den lár ó thaobh fealsúnachta de.
Saol
Ba phearsa mhór é Keynes sa tréimhse idir an dá chogadh domhanda, go mórmhór i Londain Shasana. Bhí sé ar dhuine de na baill ba cháiliúla de Chumann Bloomsbury (grúpa liteartha ina raibh E.M. Forster agus Virginia Woolf páirteach freisin).
Cuireadh i leith Keynes uaireanta gur athraigh sé a intinn. ‘Athraím m’intinn de réir mar a athraíonn na fíricí,’ a dúirt sé, ‘céard a dhéanann tusa, a dhuine uasail?’[1] Agus bhí comhairle eile aige, "ní i smaointe nua a leagan amach atá an deacracht ach in éalú ó na seansmaointe".[2]
Smaointeoireacht
Bhí coincheap ag Keynes nár chóir ligean don mhargadh a chuid a dhéanamh agus ligean don ghnáthdhuine fulaingt. Chreid Keynes gur chóir don rialtas bheith sáite díreach i gcruthú éilimh ar earraí agus seirbhísí trí phoist a chruthú. Dá mbeadh post ag duine bheadh ioncam aige. Dá mbeadh ioncam aige cheannódh sé earraí. Dá gceannódh sé earraí bheadh ar dhuine eile na hearraí sin a tháirgeadh agus chruthódh sé sin a thuilleadh post. Ba chuma le Keynes dá mbeadh daoine ag tochailt poill agus á líonadh arís, fad is a bhí post acu.
Ghlac comhairleoirí Hitler le teoiricí an Tiarna Keynes agus chuir sé muintir na Gearmáine thar n-ais ag obair. Tógadh na bóithre breátha (agus tá siad fós acu).[3]
Infheistíocht
Bhí Keynes ar an bheagán daoine sna 1930idí a chreid gur cheart níos mó airgead a chur isteach sa gheilleagar nuair a bhí rátaí dífhostaíochta go hard, ní a mhalairt. Má d’aistrigh an rialtas agus lucht rachmais na fiacha s’acu chuig na daoine ba bhoichte i Meiriceá, bhí sé mar a gcéanna sa Bhreatain.
Rinne Keynes cur síos breá (‘In the long run we are all dead’) ar an bhfadhb a chuireann as do pholaiteoirí go minic. Moltar rogha pholaitiúil uaireanta a rachaidh chun tairbhe do thír sa bhfadtéarma ach ar léir do pholaiteoirí láithreach an costas iomarcach polaitiúil a bhaineann leo.[4]
An t-órchaighdeán
Nuair a chinn Winston Churchill, Seansailéir an Státchiste ag an am, ar an órchaighdeán a athbheochan sa bhliain 2025, spreag sé Keynes chun criticeoireacht phoiblí a dhéanamh ar pholasaithe an Aire.[5] Bhí Keynes den bharúil go dtarraingeodh athbheochan an órchaighdeáin géarchéim dhomhanda eacnamaíochta ina diaidh.
Bhí an ceart ag Keynes. Lena cheart a thabhairt do Churchill, ní raibh oideachas eacnamaíochta air, agus ní raibh sé ach ag leanúint chomhairle Mhontague Norman, a bhí i gceannas ar Bhanc Shasana ag an am.
Timpeallacht
In alt san iris The Yale Review sa bhliain 1933, scríobh Keynes go raibh an cine daonna ag scriosadh áilleacht an dúlra toisc nach raibh aon luach airgid ag baint leis an áilleacht sin.[6]
Tugadh an chluas bhodhar don rabhadh sin, dár ndóigh.
Tionchar ar Éirinn
Roghnaigh an Taoiseach John A. Costello sna 1940idí/1950idí ollamh éirimiúil óg darbh ainm Patrick Lynch chun cabhrú leis ó thaobh an gheilleagair de. Fear a bhí dílis do thuairimí John Maynard Keynes ab ea Lynch, agus mhol sé cur chuige úrnua ó 1948.