Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil. Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de.
Jessica Alba
Beathaisnéis
Breith
(en) Jessica Marie Alba 28 Aibreán 1981 43 bliana d'aois Pomona, California
Is aisteoir teilifíse agus scannán agus mainicín Meiriceánach í Jessica Marie Alba (rugadh 28 Aibreán, 1981). Bhunaigh sí The Honest Company sa bhliain 2011.[1][2]
Ina dhiaidh sin, bhí páirt ag Alba i roinnt scannán, lena n-áirítear Honey (2003), Sin City (2005) agus Good Luck Chuck (2007).[3]
Tá roinnt dámhachtainí buaite aici as a cuid aisteoireachta. I measc na ndámhachtainí seo tá an dámhachtain “Choice Actor” ag an Teen Choice Award agus an Saturn Award. Bhain sí an dá ghradam seo as a cuid aisteoireachta sa tsraith Dark Angel.
Bhí sí liostaithe sa rannóg "Hot 100" de Maxim gach bliain ó 2003 go 2007,[4][5][6][7]
agus vótáil FHM í World's Sexiest Woman (an Bhean is-Gnéasúil sa Domhan) sa bhliain 2007.[8] I Mí Márta 2007, d'úsáideadh pictiúr di ar chlúdach Playboy gan cead an aisteora. Níos déanaí, mar thoradh air sin, tionscnaíodh cás dlí idir Jessica agus Playboy.[9]
Luathshaol
Rugadh Alba i Pomona, California. De shíolrach Danmhairgach, Éireannach, Albanach, Sasanach, Breatnach, Gearmánach agus Ceanadach-Francach a máthair, Catherine. Is Meicsiceach-Meiriceánach é a hathair, Mark, de shíolrach Giúdach-Seafardach , Spáinneach agus Máigheach.[10][11] Tá deartháir níos óige aici darb ainm Joshua. Bhí athair Alba san Aerfhórsa agus mar thoradh ar a ghairm bheatha bhí cónaí orthu i go leor áiteanna éagsúla, i mBiloxi, Mississippi agus Del Rio, Texas, sular fhill siad ar Chalifornia nuair a bhí sí naoi mbliana d'aois.[12] Bhí drochshláinte aici nuair a bhí sí óg. , Bhí scamhóga leathshleabhctha aici, bhí niúmóine uirthi ceithre nó cúig huaire sa bhliain agus bhí fadhbanna aici le haipindic réabtha agus cist chéislíneach.[13] Chuir Alba in iúl go raibh neamhord éigníoch dúghafach uirthi nuair a bhí sí óg.[14][15]
Bhí an plúchadh uirthi freisin ó bhí sí ina leanbh. De réir a chéile, bheadh Alba scoite amach ó leanaí eile ar scoil, toisc go raibh sí san ospidéal chomh minic sin. Mar gheall ar a tinnis, ní raibh aithne mhaith ag aon duine uirthi chun cairdeas a dhéanamh léi. Dúirt sí gur chuidigh gluaiseacht rialta a teaghlaigh lena leithlisiú óna comhghleacaithe. D'imigh sí ar aghaidh ón Ardscoil Claremont ag aois 16, agus d’fhreastail sí ar an Atlantic Theatre Company ina dhiaidh sin.[16]
Gairm
Bhí Alba ag iarraidh aisteoireacht ó bhí sí cúig bliana d’aois. Thóg sí a céad rang aisteoireachta nuair a bhí sí 12. Shínigh gníomhaire aisteoireachta í naoi mí ina dhiaidh sin.[17][18] Bhí a céad ról scannáin i Camp Nowhere sa bhliain 1994. Ar dtús, níor fostaíodh í ach ar feadh coicíse, ach d'oibrigh sí ar feadh dhá mhí nuair d'éirigh aisteoir eile as.[19]
Bhí páirt ag Alba in dhá fógraíochtaí náisiúnta nuair a bhí sí ina leanbh. Bhí ceann acu seo ar son Nintendo agus an ceann eile do JC Penney. Bhí ról Jessica aici i dtrí eipeasóid den tsraith grinn NickelodeonThe Secret World of Alex Mack.[16] Bhí an ról de Maya sa tsraith theilifíse Flipper ag Alba.<ref">"Jessica Alba Goes To 'Sin City'". CBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-02. Dáta rochtana: 2023-09-12.</ref> Ba gharda tarrthála í a máthair, agus mhúin sí do Jessica snámh sula bhféadfadh sí siúl. Is tumadóir scúba deimhnithe í.[20]
Sa bhliain 1998, bhí páirt aici i Brooklyn South, in dhá eipeasóid de Beverly Hills, 90210 agus in eipeasóid de The Love Boat: The Next Wave.[21] Tar éis bhain Alba céim ardscoil amach, rinne sí staidéar ar aisteoireacht le William H. Macy agus a bhean, Felicity Huffman, ag an Atlantic Theatre Company.[16]
D'éirigh sí níos cáiliúla i Hollywood tar éis a páirt le Drew Barrymore greann rómánsúilNever Been Kissed sa bhliain 1999, agus a príomhról sa scannán grinn-uafás 1999 Idle Hands.[22] Roghnaíodh í as grúpa 1,200 aisteoir don ról an tsaighdiúragéin-innealtóireachta ar an tsraith theilifíse ficsean eolaíochtaFOX, Dark Angel. Bhí an tsraith ar siúl ar feadh dhá shéasúr ó 2000 go 2002. Moladh Alba do Golden Globe as a cuid oibre ar an tsraith sin.[23] Nuair a bhí sí ag traenáil le bheith in Dark Angel, bhí uirthi lán aclaíocht a dhéanamh, agus thug sí go leor ocras di féin. Dúirt sí “Bíonn neamhoird itheacháin ar a lán cailíní, agus mise freisin. D'éirigh mé dúghafa leis." Bhí neamhord éigníoch dúghafach agus taomanna scaoill uirthi freisin. Dúirt sí go bhfuil sí ag cócaireacht di féin ó dhá bhliain déag d’aois, ionas nach n-éireodh sí chomh ramhar le duine den teaghlach.[24]
Tá cuid de na róil scannáin is cáiliúla ag Alba mar rinceoir i Sin City, agus mar Sue Storm, sna Fantastic Four, an Bhean Dofheicte Marvel Comics. Bhí páirt aici freisin in Into the Blue sa bhliain 2005, agus i Good Luck Chuck cúpla bliain ina dhiaidh sin.[25] Sa bhliain 2008, d’imir Alba a céad ról scannán uafáis in The Eye, athleagan de scannán Hong Cong.[11] Mí Feabhra, chuir sí searmanas Academy of Motion Picture Arts and Sciences i láthair.[26] Níos déanaí sa bhliain, bhí páirt aici sa Love Guru.
Bhí Alba i gcúig scannáin sa bhliain 2010, Little Fockers agus The Killer Inside Me san áireamh. An bhliain dár gcionn, bhí sí i Spy Kids 4.
Íomhá phoiblí
Sa bhliain 2007, liostáil Maxim Magazine Alba mar uimhir 2 ina "Top 100", taobh thíos de Lindsay Lohan.[27] Bhí sí ar chlúdach na hirise GQ mí Mheithimh 2007.[28] Mí na Bealtaine, tar éis ocht milliún vóta, dúirt FHM (eagráin na Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá) gurbh ise an “Bean Is Gnéasúil sa Domhan, 2007”.[8] Fuair sí Teen Choice Award mar Aisteoir Rogha agus Gradam Satarn don Aisteoir Is Fearr (Teilifís) as a ról in Dark Angel, agus ainmniúchán Golden Globe. Sa bhliain 2006, fuair sí Gradam Scannán MTV as "Léiriú Is Gnéasúil" do Sin City.[29]
Dúirt daoine áirithe go raibh aisteoireacht Alba go dona. Ainmníodh í le haghaidh Gradam Razzie 2007 don Aisteoir Is Measa as a cuid oibre in Awake, Good Luck Chuck, agus Fantastic Four: Rise of the Silver Surfer.[30]
Ar chlúdach eagrán mhí Márta 2006, dúradh san iris Playboy go raibh Alba i measc na "25 Duine Cáiliúla is Gnéasúil" agus “Réalta Gnéis na Bliana”. Chuir sí an dlí ar Playboy as pictiúr di a úsáid gan a cead. Mar sin féin, d'éirígh sí as an gcás dlí ina dhiaidh sin, nuair a fuair sí leithscéal pearsanta ó úinéir Playboy, Hugh Hefner. D'aontaigh sé síntiúis a thabhairt do dhá charthanas a dtacaíonn Alba leo.[9]
Saol pearsanta
Mar Chaitliceach Rómhánach a tógadh Alba.[10] Nuair a bhí sí ina déagóir, d'iompaigh sí ina Críostaí Athbheirthe.[31] D’fhág sí an eaglais tar éis ceithre bliana mar shíl sí gur rinneadh breithiúnas uirthi ar an cuma a bhí uirthi. Dúirt sí go gcreideann sí fós i nDia cé nach ball den eaglais í.[32]
Ní raibh Alba ar an scáileán nocht riamh. Thug stiúrthóirí an scannáin, Frank Miller agus Robert Rodriguez, an rogha di a bheith nocht i Sin City. Dhiúltaigh sí, ag rá, "Ní dhéanaim an nochtacht. Ní féidir liom. B’fhéidir go fágann sé sin droch-aisteoir dom. B’fhéidir nach bhfostófar mé i roinnt rudaí. Ach tá an iomarca imní orm".[33]
Thosaigh Alba cumann le ball eile den fhoireann aisteoirí, Dark Angel, Michael Weatherly, agus iad ag scannánaíocht. Údar chonspóid a bhí sé seo, toisc go raibh sé 13 bhliain níos sine ná í. D'iarr sé uirthi é a phósadh ar a fichiú breithlá, ach bhris siad suas tar éis ceithre bliana le chéile.[34][11] Faoi ceist leanaí, dúirt sí, "Táim an-ghirseach maidir le páistí. Bíodh leanaí i mo thimpeall mo shaol ar fad mar is mise an ceann is sine as 15 col ceathrar – tá mé ag athrú (clúidíní) ó bhí mé sé bliana d’aois... Ba mhaith liom cúpla a bheith agam, cinnte."[35]
Is Daonlathach í Alba agus d’fhreastail sí ar Choinbhinsiún Náisiúnta Daonlathach 2012 chun a tacaíocht a thabhairt d’atoghadh an t-Uachtaráin Obama.[36]
Phós Alba Cash Warren, mac an aisteoirí Michael Warren, an 19 Bealtaine, 2008 i Los Angeles, California.[37] Bhuail sí leis agus í ag déanamh The Fantastic Four sa bhliain 2004.[38] An 7 Meitheamh 2008, saolaíodh chailín leanbh darb ainm Honor Marie Warren di.[39] An 13 Lúnasa, 2011, rugadh a dara hiníon, Haven Garner Warren, di. An 31 Nollaig 2017, rug a céad mhac, Hayes Alba Warren, di.
Déanann sí roinnt obair charthanachta freisin[40], leis an carthanas éadaí Clothes Off Our Back agus an carthanas ban Step Up Women's Network san áireamh.[41][42]
Scannánaíocht
Scannáin
Bliain
Teideal
Ról
Nótaí
1994
Camp Nowhere
Gail
Faoi ainm Jessica Marie Alba
1995
Venus Rising
Eve Óg
1999
Never Been Kissed
Kirsten Liosis
Idle Hands
Molly
P.U.N.K.S.
Samantha Swoboda
2000
Paranoid
Chloe
2003
The Sleeping Dictionary
Selima
'DVD Exclusive Award' don Aisteoir Is Fearr i scannán díreach go DVD
Honey
Honey Daniels
Ainmniúchán don Teen Choice Awar don póg agus splanc is fearr (le Mekhi Phifer) Ainmniúchán don Teen Choice Award don réalta thar oíche scannán – bean Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i drámaíochta nó eachtraíochta
2005
Sin City
Nancy Callahan
Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i drámaíochta nó eachtraíochta Ainmniúchán don Gradam Satarn don ban-aisteoir tánaisteach is fearr MTV Movie Award don Léiriú Is Gnéasúil Ainmniúchán don Gradam ALMA don ban-aisteoir tánaisteach Ainmniúchán don Critics Choice Award foireann aisteoireacht is fearr
Fantastic Four
Sue Storm/Invisible Woman
Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i scannán i drámaíochta nó eachtraíochta Scream Award don Sárlaoch Is Gnéasúil Ainmniúchán – Gradam Imagen don ban-aisteoir is fearr Ainmniúchán – MTV Movie Award don foireann nó laoch is fearr sa scannán Ainmniúchán – Gradam Blimp don ban-aisteoir is fearr i scannán Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa
Into the Blue
Sam
Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa
2007
The Ten
Liz Anne Blazer
Fantastic Four: Rise of the Silver Surfer
Sue Richards/Invisible Woman
Gradam Blimp don ban-gaiscíoch is fearr i scannán Ainmniúchán don Teen Choice Award don Choice Movie: Action Adventure & Hissy Fit Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple
Good Luck Chuck
Cam Wexler
Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple
Awake
Sam Lockwood
Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple
Meet Bill
Lucy
2008
The Eye
Sydney Wells
Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i scannán: uafás/scéinséir
The Love Guru
Jane Bullard
Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa
2010
The Killer Inside Me
Joyce Lakeland
Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
Valentine's Day
Morely Clarkson
Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
Machete
Special Agent Sartana Rivera
Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
An Invisible Sign
Mona Gray
Little Fockers
Andi Garcia
Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
2011
Spy Kids 4: All the Time in the World
Marissa Cortez Wilson
Ainmniúchán – Gradam Blimp don 'Favorite Butt Kicker'
2013
A.C.O.D.
Michelle
Escape from Planet Earth
Lena Thackleman
Guth
Machete Kills
Special Agent Sartana Rivera
nach luaitear sna creidiúintí
2014
How to Make Love Like an Englishman
Kate
Dear Eleanor
Daisy
Stretch
Barely Lethal
Victoria Knox
Sin City: A Dame to Die For
Nancy Callahan
2015
The Veil
Maggie Price
The Wright Girls
Teilifís
Bliain
Teideal
Ról
Nótaí
1994
The Secret World of Alex Mack
Jessica
3 eagráin
1995–98
Flipper
Maya Graham
27 eagráin. Ainmniúchán – Young Star Award don léiriú is fearr ó ban-aisteoir óg i gclár i rith an lae
1996
Chicago Hope
Florie Hernandez
Eagrán: Sexual Perversity in Chicago Hope
ABC After School Specials
Christy
Eagrán: Too Soon for Jeff
1998
Brooklyn South
Melissa Hauer
Eagrán: Exploring Johnson
Beverly Hills, 90210
Leanne
2 eagráin
The Love Boat: The Next Wave
Layla
Eagrán: Remember?
2000–02
Dark Angel
Max Guevara
52 eagráin Teen Choice Awards don ban-aisteoir is fearr ar teilifís Ainmniúchán don Gradam ALMA don ban-aisteoir thar barr i sraith theilifíse sean ⁊ nua Gradam Saturn don ban-aisteoir is fearr ar teilifís Ainmniúchán – Gradam Saturn don ban-aisteoir is fearr i sraith theilifíse Ainmniúchán – Gradam Golden Globe don Léiriú is fearr ó ban-aisteoir i sraith nua – drámaíochta Ainmniúchán – Young Artist Award don léiriú is fearr i sraith theilifíse drámaíochta – ban-príomhaisteoir óg TV Guide Award don réalta thar oíche na bliana Ainmniúchán – TV Guide Award don ban-aisteoir na bliana i sraith nua Ainmniúchán- Gradam Blimp don ban-gaiscíoch is fearr
2003
MADtv
Jessica Simpson
Eagrán: #9.5
Rock Me, Baby
í féin
2009
The Office
Sophie
Eagrán: Stress Relief Ainmniúchán – Gradam ALMA don ban-aisteoir ar teilifís – sraith ghrinn