Bhí Fraincis ó dhúchas ag Kerouac, agus níor thosaigh sé ag foghlaim Béarla ach in aois a shé bliana dó. Ba as Québec dá athair is dá mháthair, agus tógadh Jack le Fraincis, ionas gurbh í sin an teanga a labhraíodh sé riamh lena thuismitheoirí.
Ba chlódóir é a athair, Léo Keroack (1889-1946). Bhí gaol ag Léo leis an mbráthair Marie-Victorin (Conrad Kirouac), scríbhneoir agus luibheolaí arbh é a chuir bun le gairdín luibheolaíochta Montréal. Gabrielle-Ange Lévesque (1895-1972) an t-ainm a bhí ar mháthair Jack (Jean-Louis), agus thugadh an mac "Mémère" uirthi.
Col ceathair don pholaiteoir René Lévesque a bhí inti - an fear céanna a bhunaigh an Parti Québecois i ndeireadh na seascaidí agus a bhí ina Phríomh-Aire ar Québec sna blianta 1976-1985. Pósadh Léo agus Gabrielle-Ange i mí Dheireadh Fómhair 1915.
Is beag a scríobh Jack ina theanga dhúchais seachas cúpla lámhscríbhinn, ach dealraíonn sé gur as Fraincis a bhreac sé síos an chéad dréacht don úrscéal On the Road.
Saothar
Tá clú agus cáil ar a shaothar inniu, ach ní bhfuair sé aitheantas ceart lena lá féin. Scríbhneoir cultais a bhí ann ar dtús, is é sin, scríbhneoir nach raibh suim ach ag dornán beag díograiseoirí ann. Ba í Ann Charters, eagarthóir a chuid leabhar, a bhain amach aitheantas dó tar éis a bháis.
Is iad na leabhair is cáiliúla a tháinig óna pheann ná
On the Road, a chaitheann súil an scéalaí shiúlaigh ar shaol na Stát Aontaithe timpeall ar lár na fichiú haoise;
The Dharma Bums, a thugann cur síos ar chairdeas Kerouac leis an bhfile Gary Snyder (sa leabhar "Japhy Ryder") agus ar an dóigh ar fhoghlaim sé uraiceacht an Bhúdachais ó Snyder;
Big Sur, a thráchtann ar iarrachtaí an scríbhneora éalú ó aer an tsaoil chathartha i gcoillte Big Sur i gCalifornia;
Subterraneans, scéal dírbheathaisnéisiúil eile faoi shaol na n-ealaíontóirí is na n-intleachtóirí i Nua-Eabhrac;
Desolation Angels, inar inis sé conas a d'éirigh sé tuirseach den Bhúdachas; agus
Visions of Cody, arb é an saothar is saibhre, is éagsúla ó thaobh na stíle is na foirme de a scríobh Kerouac riamh.
Is féidir blas na dírbheathaisnéise a aithint ar na saothair seo go léir, ach is féidir a rá go raibh Kerouac ag iarraidh cineál miotaseolaíochta dá chuid féin a fháscadh as imeachtaí a shaoil.