Cuireadh oideachas ar Monck Mason i gCúil an tSúdaire agus i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé thar a bheith tugtha don léann agus bronnadh bonn óir air i TCD in 1798. Rinne abhcóide de in 1800 ach níor chleacht an cheird sin riamh. Mar sin féin, d'fhreastail sé mar scrúdaitheoir cúirte go dtí timpeall 1810-1812.
In 1812 d’iarr Coimisinéirí na dTaifead Poiblí air dréachtchlár de na lámhscríbhinní i gColáiste na Tríonóide a ullmhú. Mar chuid den obair sin, d’fhostaigh sé Éadbhard Ó Raghallaigh chun cur síos ar na cinn Ghaeilge.[2]
D'éirigh sé ina leabharlannaí in Ósta an Rí timpeall 1814.[3] Ceapadh mar phríomhleabharlannaí sa bhliain 1815.[4]
In 1830 d’fhoilsigh an Scoiety Bíobla agus Tiomna Nua a chuir Éadbhard Ó Raghallaigh in eagar faoi mhaoirseacht Monck Mason.[5]
Cathaoir na Gaeilge, TCD
Ba é ba mhó faoi deara gur bunaíodh cathaoir na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1838.[6] Ach ní raibh aidhm acadúil i gceist ag an am sin; bhí na mic léinn oilte chun seanmóirí a thabhairt trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin daoine arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais a mhealladh le hiompú ina bProtastúnaigh agus freastal ar a gcuid riachtanas spioradálta.
In 1844, bhunaigh an Irish Society péire scoláireacht i gcuimhne William Bedell (1571-1642) agus Monck Mason taobh thiar den tionscnamh.
↑Fergus Ó Fearghaíl - An Bíobla Gaeilge in Éirinn. Irisleabhar Mhá Nuad, (2015 lch 41-87). "Irisleabhar Mhá Nuad" (ga). www.irisleabhar.ie. Dáta rochtana: 2021-07-04.