Ba dhraoi é Henry Harries. Rugadh i gCwrt-y-Cadno na Breataine Bige é, sráidbhaile beag i Sir Gaerfyrddin (Carmarthenshire). Bhí clú agus cáil ar a athair John Harries mar dhraoi agus lia. Deirtear go ndeachaigh Henry go Londain agus gur chaith sé tamall ann mar phrintíseach ag draoi darbh ainm Raphael. Ansin d'fhill sé ar an mBreatain Bheag agus d'oibrigh lena athair, a cailleadh sa bhliain 1839. Fuair Henry bás deich mbliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1849.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |