Hans Frank

Infotaula de personaHans Frank

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Hans Michael Frank Cuir in eagar ar Wikidata
23 Bealtaine 1900
Karlsruhe Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Deireadh Fómhair 1946
46 bliana d'aois
Nuremberg Court Prison (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Ball de Reichstag Phoblacht Weimar
Ball de Reichstag na Gearmáine Naitsíoch
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ludwig Maximilian, München Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir le Dlí
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirlín
Rialtas Ginearálta na Polainne Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmdlíodóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Oibrithe na Gearmáine (1919–)
Páirtí na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
Brainse míleataCos-slua
Céim mhíleatasaighdiúir singil Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Ghlac sé/sí páirt i
9 Samhain 1923Putsch an Halla Leanna Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CéileBrigitte Frank (1925–1946) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteNiklas Frank Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh icoireacht in aghaidh na daonnachta Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Find a Grave: 7005 Cuir in eagar ar Wikidata

Naitsíoch agus dlíodóir ba ea Hans Frank (23 Bealtaine 190016 Deireadh Fómhair 1946). Le linn 1939-1945, bhí Frank ina Ard-Ghobharnóir ar an gcuid sin den Pholainn a bhí i seilbh na Naitsithe. Bhí Frank freagrach as an Uileloscadh sa Pholainn.

Saol

Hans Frank in Stanislav 1941
Hitler ar chlé, Frank ar dheis; scigaithris a rinne na Briotanaigh sa bhliain 1941

Tarraingíodh aird an phobail ar Hans Frank den chéad uair sna 1920idí mar dhlíodóir ag gníomhú don Pháirtí Naitsíoch, agus do Adolf Hitler go pearsanta.[1] Bhí Frank ann le linn Putsch an Halla Leanna sa bhliain 1923.

Tar éis do na Naitsithe teacht i gcumhacht sa bhliain 1933, bhí Frank ina cheannasaí ar Chumann na nDlí-eolaithe Sóisialacha Náisiúnta agus ina Uachtarán ar Acadamh Dlí na Gearmáine. Bhí sé ina Aire gan Cúram Roinne ó 1934 ar aghaidh.

Fógra a d'fhoilsigh "Dr Frank" sa Pholainn ar 25 Eanáir 1940

Sa bhliain 1939, rinneadh Ard-Ghobharnóir de, ar an gcuid sin den Pholainn a bhí i seilbh na Naitsithe ach gan a bheith ionghafa ag an nGearmáin, An Rialtas Ginearálta. Bhí an post seo aige go dtí gur chaill an Ghearmáin an cogadh sa bhliain 1945.[1]

Triail agus bású

Mar gheall ar a páirt a bhí ag Frank i gcoireanna cogaidh agus i gcoireanna in aghaidh na daonnachta, ghearr an Binse Míleata Idirnáisiúnta pionós an bháis air. Crochadh Frank ar an 16 Deireadh Fómhair 1946.

Crochadh Frank ar 16 Deireadh Fómhair 1946

Rinne Frank scéal mór den aithreachas a bhí air go raibh páirt aige sna coireanna sin agus den dearcadh creidimh nua a bhí á mhaíomh aige. Níl na staraithe ar aon intinn fós an raibh sé dáiríre faoi sin.[1]

Féach freisin

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí,COBÁC (2018). "Han Frank". Dáta rochtana: 2021.

Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!