Rinne Mendel taighde cuimsitheach ar thras-síolrú piseanna. D'fhoilsigh sé dlíthe Mendei ar an oidhreacht sa bhliain 1866 (d'fhoilsigh Darwin On the Origin of Species sa bhliain 1859).
Ba é Mendel an chéad duine le cuntas eolaíochta a thabhairt ar na géinte, nó ar 'na fachtóirí' mar a thug sé orthu, agus an chéad duine a chuir síos ar fhachtóirí i bpiseanna glasa a thugann tréithe don phlanda (dath, méid, uimhir, agus mar sin de).
Thaispeáin sé go gcuirtear tréithe ar aghaidh ó thuismitheoir go dtí a shliocht trí bhíthin aonad scoite, ar thug sé fachtóirí, bunaonaid an dúchais.
Thaispeáin sé gur trí na géinte sin a bhronntar cuid de thréithe an athar nó na máthar ar a gclann. Aonad scoite is ea an ghéin. Is í an ghéin aonad bunaidh an dúchais.
Bhí an tadh ar Mendel gu bhain sé feidhm as an bpis ghlas chun a théis mhór aige a léiriú (cás simplí atá ann).
Ba é a shaothar sin a chuir dúshraith faoi ghéineolaíocht an lae inniu. Níos déanaí, aithníodh na fachtóirí mar ghéinte taobh istigh de na cealla. Is é sin bunús na géinitice nua-aoisí.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.