Tá Granada mar chúige i ndeisceart na Spáinne in Andalucía. Tá teorainn aici leis na cúigí Albacete, Murcia, Almería, Jaén, Córdoba, Málaga, agus an Mheánmhuir. Tá Granada mar an phríomhchathair.
Tá achar 12,635 km², le daonra 918,072 (tá cónaí ar 30% den daonra seo sa príomhchathair), tá 168 contaetha aici.
Tá an sliabh is airde i Leithinis na hIbéire, Mulhacén (3,481 méadar ar airde), suite i Granada.
Roinneann Granada an Páirc Náisiúnta Sierra Nevada (suite sa sliabhraon Sierra Nevada) leis an gcúige Almería.
Faigheann an réigiún turasóirí de bharr ailtireacht na Múraigh agus an Páláis, Alhambra. Sa gheimhreadh is féidir sciáil a dhéanamh san áit, is í an ait sciáil is faide ó dheas san Eoraip.
Tagairtí