Tá Gort an Choirce[1] (Béarla: Gortahork) ina shuí in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall. Is baile é ina labhraíonn an chuid is mó de na daoine Gaeilge agus chiallaíonn sé sin gur Gaeltacht é. Bhí cónaí ar 1,705 duine i dtoghroinn Gort an Choirce sa bhliain 2011. Labhair 66.2% de dhaonra an toghroinn an Gaeilge go laethúil (lasmuigh den chóras oideachas) i 2011. Ba í an toghroinn ba láidre i nGaeltacht Tír Chonaill sa bhliain 2011 ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Bhí cónaí ar 185 duine sa sráidbhaile i 2016.[2]
Is as Gort an Choirce é an file cáiliúil Cathal Ó Searcaigh.
Tábla daonra
Taispeánann an tábla seo thíos athruithe i ndaonra an bhaile ins na blianta anuas:
Bliain
|
Daonra
|
Athrú
|
Athrú, %
|
2006
|
149
|
-
|
-
|
2011
|
197
|
+48
|
+32.2%
|
2016
|
185
|
-12
|
-6.1%
|
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |