Innealtóir a rugadh i Central Bridge, Nua-Eabhrac ab ea George Westinghouse (6 Deireadh Fómhair1846 - 12 Márta1914). I 1863 d'fhionn sé an t-aerchoscán don iarnród, agus ina dhiaidh sin an gásmhéadar is córas chun gás nádúrtha a sholáthar go slán sábháilte do thithe. Ceannródaí in úsáid srutha ailtéarnaigh chun cumhacht leictreach a dháileadh ar úsáideoirí. Bhunaigh sé comhlacht Westinghouse Electric i 1886.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.