Tá an dúrud de ghealacha ag timpeallú Iúpatair, nó sa bhliain 2006, bhí níos mó ná trí scór acu tugtha faoi deara. Is gnách gealacha Galileo a thabhairt ar an gceithre cinn is mó acu, nó b'é Galileo Galilei ba thúisce a chuir sonrú iontu, mar atá, thiar sa bhliain 1610. Briseadh mór a bhí ann i stair na réalteolaíochta Iartharaí, nó go dtí sin, bhí an bharúil sách coitianta go mbeadh gach rinn neimhe eile ag timpeallú an Domhain, agus nach mbeidís aon réad eile a fhithisiú ar aon nós. Thaispeáin fionnachtain na ngealach seo nárbh amhlaidh in aon chor.
Tugtar Io, Europa, Ganymede agus Callisto ar ghealacha Galileo. Rothlú sioncronach atá fúthu go léir, is é sin, tá siad á gcasadh ar a n-aiseanna de réir is mar atá siad ag dul timpeall Iúpatair, i gcruth is go bhfuil an aghaidh chéanna orthu an t-am ar fad, de réir mar a d'fheicfeadh an breathnóir ar dhromchla Iúpatair iad. Is féidr iad a fheiceáil ón Domhan le teileascóp beag agus iad ag dul trasna aghaidh an phláinéid. Is beag a bhí ar eolas fúthu sula ndeachaigh taiscéalaithe Voyager á n-iniúchadh, mar tá Io, Europa agus Ganymede taobh istigh de réimse maighnéadach Iúpatair agus iad faoi shíorionsaí ag tréanradaíocht i bhfoirm prótón agus leictreon ardfhuinnimh.
Na hainmneacha atá ar na gealacha inniu, níorbh é Galileo féin a bhaist orthu iad, ach an réalteolaí Gearmánach Simon Marius, a mhaígh go raibh seisean tar éis fionnachtain na ngealach seo a dhéanamh go gairid roimh Galileo. Theastaigh ó Galileo na gealacha a ainmniú as a urraí, Cosimo de' Medici. Mar a mhol Cosimo féin dó, thug sé "Réaltaí Medici" (nó Medicea Sidera, as Laidin) orthu, agus a ghealach féin ag Cosimo agus ag gach duine den triúr deartháireacha a bhí aige, mar atá, Lorenzo, Carlo, agus Francesco. Bhí smaoineamh eile ag Giovanni Baptista Hodierna, dalta de chuid Galileo: thabharfadh seisean Principharus, Victipharus, Cosmipharus agus Ferdinandipharus orthu.
Ainm
|
Pictiúr
|
Struchtúr Taobh Istigh
|
Nótaí
|
Trastomhas (km)
|
Mais (kg)
|
Ais leathmhór (km)
|
Tréimhse fhithiseach (laethanta)
|
Io
|
|
|
Tá imtharraingt na ngealach eile, chomh maith le himtharraingt Iúpatair, ag streachailt Io i ngach treo, rud a fhágann maintlín na gealaí seo beo le bolcánachas.
|
3643
|
8.93×1022
|
421,800
|
1.77
|
Europa
|
|
|
Tá Europa clúdaithe ag leac oighir, ach creideann cuid de na heolaithe go bhfuil farraige uisce faoin oighear, agus í á coinneáil leáite ag imtharraingt na ngealach eile.
|
3122
|
4.8×1022
|
671,100
|
3.55
|
Ganymede
|
|
|
Carraig shileacáite agus leac oighir is mó atá i nGanymede.
|
5262
|
1.48×1023
|
1,070,400
|
7.16
|
Callisto
|
|
|
Cosúil le hEuropa, agus b'fhéidir le Ganymede, is dócha go bhfuil farraige taobh istigh de screamh oighir na gealaí seo.
|
4821
|
1.08×1023
|
1,882,700
|
16.69
|
Tagairtí