Tá clú ar an leithinis mar gheall ar an eibhear uathúil atá ann, Eibhear Fhánada. Úsáideadh an t-eibhear seo sa tionscal tógála thart fán domhan, go hairithe i nDún Éideann. Bhí tionscal mór eibhir i bhFánaid i lár an 20ú haois.
Is í feirm iasc bhradáin 'Marine Harvest' an phríomhthionscadal agus an príomhfhostóir sa réigiún anois. Tá cósta garbh i bhFánaid ina bhfuil cuid mhór suíomhanna fá choinne iascaireachta. Tá clú ar an cheantar as ucht an iascaireacht mhaith glasán agus ronnach atá ann.
Tá ról lárnach ag an turasóireacht san fhás eacnamaíoch. Is ceantar é le cuid mhór radharcanna, agus tá cuid mhór tránna ann fosta. Fosclaíodh droichead nua 'Harry Blaney' le déanaí, a cheanglaíonn leithinis Fhánada le leithinis Rosguill. Tá sé níos furasta do thurasóirí freastal ar an cheantar dá bharr.
Fosclaíodh Teach Solais Fhánada do chuairteoirí sa bhliain 2016 agus tá líon mór turasóirí ag tarraingt ar an áit ó shin. Thig le daoine fanacht ins an teach solais thar oíche, agus tá ráth mór ar an tsuíomh fá láthair.[2]
Tá club pheile Gaelaí amháin sa cheantar, 'Gaeil Fhánada', agus club socair, ar a dtugtar 'Fanad United' an dá phríomhchlub spóirt sa cheantar, agus tá cuid mhór bainte amach acu. Cuireadh tosacht le club sacair eile sa cheantar sna 2000idí, ar a dtugtar 'Mulroy Celtic'.