Ba réaltfhisiceolaí gréine Meiriceánach é Eugene Newman Parker (10 Meitheamh, 1927—15 Márta, 2022) a d’fhorbair - i lár na 1950idí - teoiric na gaoithe gréine forshonaí agus a thuar cruth na bíse Parker den réimse maighnéadach gréine sa Chóras Gréine seachtrach. Sa bhliain 1987, mhol Parker go bhféadfadh an ghrianchoróin a théamh le “nanabhladhmanna ” beaga bídeacha, mionghníomhairí geala cosúil le grianbhladhmanna a tharlódh ar fud dhromchla na Gréine.