Luibheolaí a rugadh i mBéal Átha Leice, Co. Chorcaí, ab ea Ellen Hutchins (1785 – 9 Feabhra1815). Tógadh í ar eastát beag a bhí ag a muintir i mBéal Átha Leice ag ceann Bhá Bheanntraí. Rinne sí staidéar cuimsitheach allamuigh in iarthar Chorcaí ar raithneacha, caonaigh, léicin agus fungais, le líníochtaí cruinne ar na speicis. D'fhoilsigh sí a chuid fionnachtana i mBritish Confervae le Lewis Weston Dillwyn (Algaí Glasa na Breataine, 1809), agus i Fuci… le Dawson Turner, William Jackson Hooker is Joseph Banks (Feamainn…, 1802-1818). Ainmníodh 3 alga aisti.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Strategi Solo vs Squad di Free Fire: Cara Menang Mudah!